Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 2:10 - An Bíobla Naofa 1981

Agus dúirt an t‑aingeal leo: “Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile:

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus dúirt an t‑aingeal leo, “Ná bíodh eagla oraibh; mar féachaigí, táim ag teacht chugaibh le scéal áthasach a insint daoibh faoin lúcháir atá le bheith ar na daoine uile;

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus dubhairt an t-aingeal leo: Ná bíodh eagla oraibh; óir féach, bheirim scéala maith díbh fá lúthgháir mhóir atá le theacht chuig na daoine go léir;

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus adubhairt an t‐aingeal leo, Ná bíodh eagla oraibh; óir, féach, do‐bheirim daoibh deagh‐scéala ar áthas mór bhéas i gcómhair na ndaoine uile:

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus a dubhairt an taingeal riú, Na bíodh eagla oruibh: óir, feuch, a táim ag soisgéulughadh dhíbh gáirdeachus mór, noch bhías do gach uile phobal.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus dubhairt an t-aingeal leó: Ná bíodh eagla oraibh, mar féach, tugaim sgéala dhaoibh ar lúthgháir mhór atá le teacht chun na ndaoine go léir;

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus dúirt an t-aingeal leo: “Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile:

Féach an chaibidil



Lúcás 2:10
30 Tagairtí Cros  

Beidh mo bheannacht ar an muintir a chuirfidh beannacht ort. Beidh mo mhallacht ar an muintir a chuirfidh mallacht ort. Agus is tríotsa a dhéanfaidh ciníocha uile An domhain iad féin a bheannú.”


Suas leat ar shliabh ard, a challaire an dea-scéala chuig Síón. Ardaigh do ghlór go láidir, a challaire an dea-scéala chuig Iarúsailéim. Ardaigh do ghlór gan eagla, abair le bailte Iúdá: “Seo é bhur nDia.”


Bhí sé ráite agam le Síón roimh ré: “Seo chugainn iad”; bhí teachtaire dea-scéala curtha agam chuig Iarúsailéim.


“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”


Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa os comhair súile na gciníocha go léir, agus feicfidh críocha uile na talún beart tarrthála ár nDé.


Nach álainn ar na sléibhte cosa an té a bhfuil dea-scéala leis, síocháin á craoladh aige, maitheas á fógairt aige, fuascailt á craoladh aige, á rá le Síón: “Tá do Dhia tar éis teacht i réim.”


Tá spiorad an Tiarna Dia orm de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan, chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile, chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite, chun cead a gcos a fhógairt do na cimí agus fuascailt do phríosúnaigh;


Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.


Ach labhair Íosa leo láithreach: “Bíodh misneach agaibh!” ar seisean, “mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.”


Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo: “Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh.


Labhair an t‑aingeal leis na mná agus dúirt: “Ná bíodh aon eagla oraibhse, mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag lorg Íosa, an té a céasadh.


agus ag rá: “Tá an tréimhse caite agus tá ríocht Dé in achmaireacht. Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal.”


Agus dúirt sé leo: “Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile.


Ach dúirt an t‑aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zachairias, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air.


Dúirt an t‑aingeal leis á fhreagairt: “Mise Gaibriéil a sheasann i láthair Dé, agus cuireadh mé chun labhartha leat, agus na dea-scéala seo a thabhairt duit.


Ach dúirt an t‑aingeal léi: “Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuair tú gean ó Dhia.


rugadh Slánaitheoir daoibh inniu - is é Críost an Tiarna é - i gcathair Dháiví.


agus go mbeadh aithrí agus maithiúnas peacaí á bhfógairt ina ainm do na náisiúin uile, ag tosú ó Iarúsailéim.


Tharla ina dhiaidh sin gur thaistil sé cathracha agus bailte ag seanmóir agus ag fógairt dea-scéal ríocht Dé, agus an dáréag á thionlacan


Agus seo é an dea-scéal atá le fógairt againne daoibh: an gealltanas úd a rinneadh dár sinsir,


Agus conas a dhéanfadh daoine é a fhógairt mura gcuirtear amach iad chuige sin? Mar atá scríofa: “Nach álainn iad cosa lucht fógartha an dea-scéil.”


Is mé an duine is dearóile de na naoimh go léir, ach is domsa a tugadh an grásta seo: saibhreas dochuimsithe Chríost a fhógairt do na gintlithe


Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilimse, Pól, i mo mhaor air.