Ansin ar an toirt thóg gach duine a bhrat agus leathadar faoi ar na leaca loma iad; shéid siad an trumpa agus chuir siad gáir suas: “Sé Iéahú an rí!”
Lúcás 19:35 - An Bíobla Naofa 1981 agus thug siad go dtí Íosa é, agus tar éis dóibh a mbrait a chaitheamh ar an searrach, chuir siad Íosa ar a mhuin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus thug siad chuig Íosa é, agus chaith siad a bhfallaingeacha thar an searrach, gur chuir siad Íosa a mharcaíocht air. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thug siad chuig Íosa é, agus ar chaitheamh a mbaill éadaigh ar an tsearrach dóibh, chuir siad Íosa ar a mhuin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus thugadar chum Íosa é: agus do chuireadar a mbrait ar an searrach, agus do chuireadar Íosa ar a mhuin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus rugadar léo é chum Iósa: agus ar dteilgean a mbrat ar a tséarrach, do chuireadar Iósa air. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus thugadar agh triall ar Íosa é, agus do leathadar a mbrait ar an searrach agus chuireadar Íosa ar a mhuin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus thug siad go dtí Íosa é, agus tar éis dóibh a mbrait a chaitheamh ar an searrach, chuir siad Íosa ar a mhuin. |
Ansin ar an toirt thóg gach duine a bhrat agus leathadar faoi ar na leaca loma iad; shéid siad an trumpa agus chuir siad gáir suas: “Sé Iéahú an rí!”
thug siad leo an láir asail agus an searrach. Chuir siad a mbrait anuas orthu ansin agus chuaigh Íosa ina shuí orthu.
Lá arna mhárach, an slua mór a tháinig don fhéile, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag teacht go Iarúsailéim,