Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 thug siad leo an láir asail agus an searrach. Chuir siad a mbrait anuas orthu ansin agus chuaigh Íosa ina shuí orthu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 thug siad leo an t‑asal agus an searrach, agus chuir siad a mbaill éadaigh orthu, agus shuigh sé orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus thug siad leo an asal agus an searrach, agus leag siad a mbaill éadaigh ortha, agus chuir siad ina shuidhe ortha é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 agus thugadar leo an t‐asal, agus an bromach, agus do chuireadar a mbrait ortha; agus do shuidh seisean ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus tugadar an tasail, agus an bromach leó, agus do chuireadar a néaduighe orrtha, agus do chuireadar eisean na shuidhe ar a mhuin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus thugadar leó an láir asail agus an searrach; agus chuireadar a mbrait féin anuas ortha, agus chuireadar eisean ’n-a shuidhe ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 thug siad leo an láir asail agus an searrach. Chuir siad a mbrait anuas orthu ansin agus chuaigh Íosa ina shuí orthu.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:7
6 Tagairtí Cros  

Ansin ar an toirt thóg gach duine a bhrat agus leathadar faoi ar na leaca loma iad; shéid siad an trumpa agus chuir siad gáir suas: “Sé Iéahú an rí!”


ag rá leo: “Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair, agus gheobhaidh sibh láir asail ceangailte agus searrach lena cois;


D'imigh na deisceabail agus rinne siad de réir mar bhí beartaithe ag Íosa dóibh:


Agus rinne na daoine, slua an-mhór díobh, a mbrait a leathadh ar an mbóthar, agus bhí cuid eile acu ag baint craobhacha na gcrann le leathadh ar an mbóthar;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí