Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’
Lúcás 19:12 - An Bíobla Naofa 1981 Uime sin a dúirt: “Chuaigh duine de threibh uasal go tír i gcéin chun céim ríoga a bhaint amach dó féin agus filleadh ansin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dúirt sé mar sin, “Duine uasal a bhí ag imeacht i dtír i gcéin le filleadh i ndiaidh cumhacht rí a ghlacadh chuige féin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ar an adhbhar sin, dubhairt sé: D’imthigh duine uasal áirithe go tír i bhfad ó bhaile chun ríoghacht a ghabháil dó féin agus a theacht thar ais. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Adubhairt sé d’á bhrigh sin, D’imthigh duine uasal áirithe go tír i gcéin, chum ríoghacht do ghabháil dó féin, agus filleadh ar ais. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin a dubhairt se, Do chúaidh duine uasal áirighe a régión imchían do ghabháil rioghachda dhó féin, agus dfilleadh air a ais. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dubhairt sé, d’á bhrígh sin: D’imthigh duine uasal áirithe go dúthaigh iasachta chun rígheachta ghabháil dó féin agus teacht thar n-ais. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Uime sin a dúirt: “Chuaigh duine de threibh uasal go tír i gcéin chun céim ríoga a bhaint amach dó féin agus filleadh ansin. |
Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’
Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo: “Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh.
Thosaigh sé ar labhairt leo i bparabail. “Rinne fear fíonghort a phlandáil, fál a chur timpeall air, cantaoir a thochailt ann agus túr a thógáil, chuir ar cíos ansin chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigríoch.
Tar éis dó labhairt leo, dá bhrí sin, tógadh an Tiarna Íosa suas ar neamh, agus chuaigh sé chun suite ar dheasláimh Dé.
Thosaigh sé ansin ag rá an pharabail seo leis an bpobal: “Phlandaigh duine fíonghort, agus chuir ar cíos chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigrích go cionn mórán aimsire.
Dúirt Pioláit leis: “Ach is rí thú ámh?” D'fhreagair Íosa: “De réir mar a deir tú, is rí mé. Chuige seo a rugadh mé agus chuige seo a tháinig mé ar an saol - chun fianaise a thabhairt ar an bhfírinne. Gach aon duine gur den fhírinne é, éisteann sé le mo ghlór.”
Mar tá an lá ceaptha aige ina dtabharfaidh sé breithiúnas de réir an chirt ar an domhan iomlán; agus tá fear roghnaithe aige chuige, rud a chruthaigh sé do chách uile nuair a thóg sé ó mhairbh é.”
Mar ní foláir dó a bheith ina rí go dtí go mbeidh a naimhde go léir curtha faoi chois aige.
Mar an gcéanna ofráladh Críost an t‑aon uair amháin ar fad le peacaí na ndaoine go léir a thógáil air féin; tiocfaidh sé arís, ní chun peacaí a chur ar ceal, ach chun na daoine atá ag tnúthán leis a shlánú.
Chuaigh seisean suas ar neamh agus tá ar dheasláimh Dé agus aingil agus tiarnais agus cumhachtaí ag géilleadh dó.
Féach, tá sé ag teacht ar néalta neimhe, agus feicfidh gach duine lena súile cinn é, fiú iad siúd a tholl é, agus beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní dá bharr. Abair é! Amen.