Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 19:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Ag éisteacht dóibh leis an méid sin, lean sé air agus labhair parabal, de bhrí go raibh sé i ngar do Iarúsailéim agus gur síleadh dóibh ríocht Dé a bheith le taibhsiú láithreach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Nuair a bhí siad ag éisteacht leis sin, thosaigh sé ar insint fáithscéil, ó bhí sé féin cóngarach do Iarúsailéim agus ó bhí siadsan ag meas go nochtfaí ríocht Dé gan mhoill.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus ag leanamhaint de’n chainnt dó, agus iad-san ag éisteacht leis na neithe sin, labhair sé fáithscéal, de brígh go raibh sé cómhgarach do Ierusalem, agus gur shíl siad go bhfoillseochaidhe ríoghacht Dé ar an bhall.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Le linn éisteacha dhóibh leis an mhéid sin, do lean sé air, agus do labhair sé samhlaoid, óir do bhí sé i ngar d’Iarúsalem, agus do mheasadar‐san go raibh ríoghacht Dé le taidhbhsiú ar ball.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus ag éisdeachd dóibhsean leis so, do chuir sé leis agus a dubhairt sé cosamhlachd, tré go raibh sé láimh ré Hiarúsalem, agus gur sháoileadarsan nach fada go bhfoillseochtháoi rioghachd Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus iadsan ag éisteacht leis na neithibh sin do chuir sé leó agus do labhair sé soluíd, mar bhí sé ag teacht i ngar do Ierúsalem, agus mheasadar-san go dtaisbeánfaí rígheacht Dé láithreach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Ag éisteacht dóibh leis an méid sin, lean sé air agus labhair parabal, de bhrí go raibh sé i ngar dʼIarúsailéim agus gur síleadh dóibh ríocht Dé a bheith le taibhsiú láithreach.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 19:11
4 Tagairtí Cros  

Nuair a d'fhiafraigh na Fairisínigh de cén uair a bheadh ríocht Dé ag teacht, dúirt sé leo á bhfreagairt: “Ríocht Dé, ní amhlaidh a bhraitear ag teacht í,


Ansin, nuair a bhí an t‑am ag teacht go dtógfaí as an saol é, bhuail sé roimhe go dána ag déanamh ar Iarúsailéim,


Más ea, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile, thosaigh siad á cheistiú: “A Thiarna,” ar siad, “an anois atá tú chun ríocht Iosrael a athbhunú?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí