Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:38 - An Bíobla Naofa 1981

38 Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

38 Ach nuair a chonaic na tionóntaí an mac, dúirt siad ina n‑intinn féin, ‘Is é seo an t‑oidhre; tagaigí go maraímid é ionas go mbeidh a oidhreacht againne.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

38 Acht nuair a chonnaic na feirmeoirí an mac, dubhairt siad eatortha féin: Is é seo an t-oighre; Taraigidh, marbhamaois é, agus béidh a oighreacht againn.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Acht na scológa, nuair do chonnacadar an mac, adubhradar eadortha féin, Is é seo an t‐oighre, téanam, marbhaimís é, agus glacaimís a oighreacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

38 Agus ar bhfaicsin an mhic do ba sgológaibh, a dubhradar eatorra féin, A sé so an toíghre; tigidh, marbham é, agus congbham a oidhreachd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Nuair a chonaic an lucht saothruighthe an mac, dubhradar eatartha féin: Sidé an t-oighre; téanam agus marbhuighmís é, agus beidh an oighreacht againn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

38 Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t-oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:38
16 Tagairtí Cros  

Anois tá an fine go léir éirithe i gcoinne d'ionailte: ‘Tabhair ar láimh an fear a mharaigh a dheartháir,’ a deir siad; ‘beidh a anam againn in éiric anam an té a mharaigh sé, agus millfimid an t‑oidhre chomh maith.’ Múchfaidh siad ar an gcuma sin cibé síol atá fágtha ar mo theallach agus ní fhágfaidh siad ainm ná sliocht ag m'fhear céile ar chlár na cruinne.”


Glac mo chomhairlese anois más ea más mian leat d'anam féin agus anam Sholaimh do mhic a thabhairt slán.


Nuair a bhí séasúr na dtorthaí ann, chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun toradh an fhíonghoirt a fháil.


Sa deireadh, chuir sé chucu a mhac, mar dúirt sé leis féin: ‘Tabharfaidh siad ómós do mo mhac.’


agus rug siad air, thiomáin siad amach as an bhfíonghort é agus mharaigh é.


Ach nuair a chonaic na curadóirí eisean, bhí siad ag plé an scéil le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre,’ ar siad, ‘maraímis é, chun go mba linn féin an oidhreacht.’


ach sna laethanta deireanacha seo labhair sé linn trína Mhac, an té a cheap sé ina oidhre ar an uile ní agus ar tríd a rinne sé a bhfuil ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí