Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:39 - An Bíobla Naofa 1981

39 agus rug siad air, thiomáin siad amach as an bhfíonghort é agus mharaigh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

39 Agus rug siad air agus chaith siad amach as an bhfíonghort é, agus mharaigh siad é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

39 Agus rug siad air, teilg siad amach as an fhíonghort é, agus mharbh siad é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Agus do rugadar air, agus do ruaigeadar amach as an bhfíonghort é, agus do mharbhadar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

39 Agus ar mbreith air, do theilgeadar as an bhfíneamhuin a mach é, agus do mharbhadar é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Agus do rugadar air, agus chuireadar amach as an bhfíonghort é, agus mharbhuigheadar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

39 agus rug siad air, thiomáin siad amach as an bhfíon-ghort é agus mharaigh é.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:39
16 Tagairtí Cros  

Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’


Dá bhrí sin, nuair a thiocfaidh máistir an fhíonghoirt, cad a dhéanfaidh sé leis na curadóirí úd?”


Dúirt Íosa leis: “A chara, déan an beart a thug anseo thú. Tháinig siad ar aghaidh ansin, leag siad a lámha ar Íosa agus ghabh siad é.


An dream a bhí tar éis Íosa a ghabháil, sheol siad leo é go teach Cháiafas, an t‑ardsagart, agus is ann a bhí na scríobhaithe agus na seanóirí cruinnithe le chéile.


Ansin, gasra na saighdiúirí agus an captaen a bhí orthu, agus na póilíní Giúdacha, rinne siad Íosa a ghabháil agus a cheangal,


Ansin chuir Annas uaidh ar ceangal é ag triall ar Cháiafas an t‑ardsagart.


Nuair a tugadh suas daoibh é de réir chomhairle cinnte agus réamheolas Dé, chuir sibh chun báis é, á thairneáil ar an gcrois trí lámha mallaitheoirí.


bíodh a fhios agaibhse go léir agus ag pobal Iosrael ar fad gur in ainm Íosa Críost Nazórach - an fear a chéas sibhse ar chrois ach ar thóg Dia ó mhairbh é - gur ina ainm sin atá an duine seo ina sheasamh os bhur gcomhair ina shláinte.


Thóg Dia ár sinsear Íosa ó mhairbh tar éis daoibhse é a mharú, á chrochadh ar chrann.


Cén duine de na fáithe nach ndearna bhur sinsir géarleanúint air? Agus d'imir siad an bás orthu siúd a thairngir teacht an Fhíréin. Agus anois tá sibhse tar éis é a bhrath agus a chur chun báis,


Dhaor sibh an neamhurchóideach agus mharaigh sibh é; ní chuireann sé in bhur gcoinne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí