Cuardaigí i leabhar an Tiarna agus léigí; oiread agus ceann amháin níl in easnamh! Óir is é a bhéalsan a d'ordaigh é, agus a spioradsan a thug le chéile iad, gach aon acu agus a leathéan in éineacht leis.
Lúcás 16:29 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Abrahám: ‘Tá Maois acu agus na fáithe; éistidís leo sin.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach is é a dúirt Abracham, ‘Tá Maois agus na fáithe acu; agus éistidís leo siúd.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus deir Abraham leis: Tá Maoise agus ná fáidhe acu; éisteadh siad leo-san. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht adubhairt Abracham, Atá Maois agus na fáidhe aca; éistidís leo‐san. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A deir Abraham ris, Atáid Maóisi agus na fáighe aca; éisdeadh síad riusan. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Ábraham leis: Tá Maois acu, agus na fáidhe; éistidís leó san. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Abrahám: ‘Tá Maois acu agus na fáithe; éistidís leo sin.’ |
Cuardaigí i leabhar an Tiarna agus léigí; oiread agus ceann amháin níl in easnamh! Óir is é a bhéalsan a d'ordaigh é, agus a spioradsan a thug le chéile iad, gach aon acu agus a leathéan in éineacht leis.
chun teagasc agus tiomna a fháil.” Nach cinnte gur mar sin a labhróidh siad, mar níl breacadh lae i ndán dóibh.
Is mar seo a deir an Tiarna: “Seasaigí i mbealaí an tseansaoil cuirigí tuairisc na seanchasán cé acu ab ea an tslí mhaith? Siúlaigí inti ansin agus gheobhaidh sibh suaimhneas. Ach dúirt siadsan: ‘Ní shiúlfaimid inti.’
“Bhí an dlí agus na fáithe ann go dtí aimsir Eoin: ó shin i leith tá dea-scéal ríocht Dé á fhógairt, agus gach aon duine ag brú a shlí isteach inti le foréigean.
Agus ag tosú dó ó Mhaois agus ó na fáithe uile, mhínigh sé dóibh na nithe a bhí sna scrioptúir uile mar gheall air féin.
Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t‑ionad ina raibh scríofa:
Mar tá Maois á léamh sna sionagóga gach lá sabóide agus níl cathair nach bhfuil lucht a fhógartha inti leis na cianta.”
Sibhse arb áil libh bheith faoi réir an dlí, ceist agam oraibh: an gcloiseann sibh a bhfuil le rá ag an dlí?