Íseáia 34 - An Bíobla Naofa 1981Críoch le hEadóm 1 Gabhaigí i leith, a chiníocha, go n‑éiste sibh; a phobala, tugaigí aire; éisteadh an talamh agus gach a bhfuil ann, an domhan cláir agus a shliocht go léir! 2 Óir tá fearg ar an Tiarna leis na ciníocha ar fad, tá sé i bhfíoch leis an slua acu go léir; tá siad curtha faoi gheasa a millte aige, tá siad tugtha suas aige don ár. 3 Tá a gcuid marbhán á gcartadh amach, agus boladh ag éirí óna gcoirp; tá a gcuid fola ina slaoda ar na sléibhte; 4 tá slua na spéartha ar fad ag titim as a chéile. Tá na spéartha á gcornadh suas mar bheadh scrolla ann agus slua na reann ag feo, mar a bheadh craobhacha fíniúna ag feo, mar dhuilliúr feoite an chrann figí. 5 Óir tá mo chlaíomh ar maos sna spéartha... Féach, tá sé ag tuirlingt ar Eadóm, ar an gcine atá daortha damhnaithe agam. 6 Tá claíomh ag an Tiarna agus é sách le fuil, tá sé bealaithe le blonag, le fuil na n‑uan agus na ngabhar, le geir cheathrún na reithí. Mar tá íobairt ag an Tiarna i mBozrá agus eirleach mór aige i bhfearann Eadóm. 7 Tá ciníocha ag titim mar a thitfeadh damhra allta, in ionad tarbh, tá pobal gaiscíoch á leagan. Tá a dtalamh siúd múchta le fuil, agus a gcréafóg á leasú le geir. 8 Óir lá díoltais ag an Tiarna atá ann agus bliain chúitimh ag curadh cosanta Shíón. 9 Beidh srutháin thír Eadóm arna n‑iompú ina bpic agus a créafóg ina cloch ruibhe; tá an dúiche in aon dóiteán pice amháin. 10 Oíche nó lá ní théann múchadh uirthi, tá an toit ag dul suas uaithi de shíor; beidh ina fásach ó ghlúin go glúin, duine daonna ní ghabhfaidh tríthi go deo. 11 Beidh sí ina gnáthóg ag an mbonnán buí agus ag an ngráinneog; beidh cónaí ann ag an scréachóg agus ag an bhfiach dubh; sínfidh an Tiarna dorú an éagrutha léi, agus leibhéal na foilmhe. 12 Beidh [a n‑áit chónaithe ag na púcaí inti]; ní bheidh a cuid uaisle ar fáil níos mó, ní ghairfear ríthe inti feasta agus beidh a taoisigh go léir ina neamhní. 13 Ina cuid pálás beidh sceacha ag fas, agus driseacha agus feochadáin ina dúnta; beidh sí ina huaimheanna ag madraí allta, mar áitreabh ag ulchabháin. 14 Casfaidh cait allta le faolchúnna inti, agus beidh na púcaí ansin ag glaoch ar a chéile; is inti a rachaidh an chailleach oíche ar ceathrúin, ar lorg suaimhnis di féin. 15 Déanfaidh an nathair a nead inti agus béarfaidh a cuid uibheacha; is inti a rachaidh sí ar gor agus a ligfidh amach a hál; is inti fós a bhaileoidh na seabhaic le chéile, 16 Cuardaigí i leabhar an Tiarna agus léigí; oiread agus ceann amháin níl in easnamh! Óir is é a bhéalsan a d'ordaigh é, agus a spioradsan a thug le chéile iad, gach aon acu agus a leathéan in éineacht leis. 17 Óir tá a gcinniúint uile curtha ar chrainn aige, is í a lamhsan a roinn a gcuid orthu leis an dorú. Beidh seilbh acu uirthi go deo, beidh siad ina gcónaí inti ó ghlúin go glúin. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart