Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 34:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Ina cuid pálás beidh sceacha ag fas, agus driseacha agus feochadáin ina dúnta; beidh sí ina huaimheanna ag madraí allta, mar áitreabh ag ulchabháin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus tiucfuid droighne tré na pálásaibh, neantóg agus dreasóga iona daingneachaibh: agus biáidh sí na háitreabh dragún, agus na cúirt dulchabhcánuibh.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 34:13
17 Tagairtí Cros  

ná ní dheachaigh ár gcroí ar gcúl, ná ní dheachaigh ár gcosa ar seachrán uait,


Óir d'fhág tú cathracha ina gcarnáin chloch agus bailte poirt ina gconamar. Ní baile é feasta dúnfort na ndíomasach, ní dhéanfar a atógáil arís go deo.


déanfar linn den talamh spallta agus toibreacha uisce de thír an tarta. Na huaimheanna mar a dtéadh na madraí allta a chónaí, beidh siad ina mothar cíbe agus giolcach...


Scéala! Scéala chugainn! Ruathar millteach ag teacht ón tuaisceart le go ndéanfar bailte Iúdá ina bhfásach, ina n‑uamha seacál.


Beidh Hazór ina bhrocais seacál, ina fhásach go brách, ní fhanfaidh aon duine ann níos mó, ní dhéanfaidh mac duine cónaí ann arís go brách.”


Beidh an Bhablóin ina carnán cloch, ina háit chónaithe ag seacáil ina huafás agus ina scige, gan duine ná deoraí inti.


Tá a bailte ina bhfásach, in a bhfearann loiscthe, ina ndíthreabh; ní chónaíonn duine iontu; ní thagann fear an bealach sin.”


Déanfaidh mé Iarúsailéim ina carnán cloch, ina huaimh seacál, déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.”


Fiú amháin na seacáil nochtann siad a n‑ucht agus tugann siad an chíoch dá gcoileáin; ach tá mo phobal ionúin éirithe chomh cruachroíoch le hostraisí an fhásaigh.


Mar, féach, teithfidh siad leo ón léirscrios; cruinneoidh an Éigipt iad, agus tabharfaidh Meimfís adhlacadh dóibh. Beidh neantóga ina n‑oidhrí ar a n‑earraí luachmhara airgid, agus glacfaidh sceacha seilbh ar a scrínte.


Ar an ábhar sin,” a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, “dar mo bheo ach beidh Móáb mar Shodom agus clann Amón mar Ghomorá - dúiche lán neantóg, carn salainn, díthreabh go deo. Creachfaidh fuílleach mo phobail iad agus glacfaidh iarmhar mo náisiúin seilbh orthu.”


agus tá col agam le hÉasau. Sin é fáth a ndearna mé díthreabh dá shléibhte agus fásach leathan dá oidhreacht.”


Ghlaoigh sé in ard a ghutha á rá: “Tá sí ar lár, ar lár, an Bhablóin Mhór! Rinne nead lonnaithe deamhan di, agus daingean gach spioraid mhíghlain, agus tearmann gach éin bhréin, [agus lóiste gach ainmhí neamhghlain] uafair;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí