Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 34:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Beidh sí ina gnáthóg ag an mbonnán buí agus ag an ngráinneog; beidh cónaí ann ag an scréachóg agus ag an bhfiach dubh; sínfidh an Tiarna dorú an éagrutha léi, agus leibhéal na foilmhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Acht sealbhochuidh an fíach mara agus an bunnán léanadh é; coimhneochuidh fós an tulchabhcán agus an fíachdubh ann: agus sínfidh sé dorubha a naidhmhillte fair, agus clocha na foilmhe.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 34:11
14 Tagairtí Cros  

Bhris sé freisin ar na Móábaigh agus chuir d'iallach orthu luí ar an talamh agus thomhais sé iad le téad; thomhais sé fad dhá théad le cur chun báis, agus téad iomlán eile le hanacal. Thug na Móábaigh géillsine do Dháiví agus d'íoc cáin leis.


Sínfidh mé an dorú tomhais céanna ar Iarúsailéim agus ar an tSamáir agus an dorú pluma céanna le teaghlach Acháb. Déanfaidh mé Iarúsailéim a sciomradh faoi mar a dhéanfadh duine mias a sciomradh, agus a bhualadh béal faoi tar éis a sciomartha.


Bím ag caí agus ag gol go fuíoch; bíonn mo chnámha ag greamú do mo chraiceann.


Déanfaidh mé fearann don ghráinneog aisti, agus riasc. Scuabfaidh mé í le scuab an scriosta - briathar Thiarna na Slua.”


Tá cathair an neamhní ar lár, tá gach teach dúnta agus níl dul isteach iontu.


Óir tá a gcinniúint uile curtha ar chrainn aige, is í a lamhsan a roinn a gcuid orthu leis an dorú. Beidh seilbh acu uirthi go deo, beidh siad ina gcónaí inti ó ghlúin go glúin.


Chinn an Tiarna ar chonamar a dhéanamh de bhalla iníon Shíón; shín sé an dorú tomhais leis agus níor stad sé go raibh sé scriosta; chuir sé drochbhail ar bhalla agus ar bhábhún sa chaoi go bhfuil siad araon ag mionú.


an ostrais, an seabhac oíche, an faoileán, gach cineál seabhaic;


Dúirt an Tiarna liom: “A Amós, cad é a fheiceann tú?” “Dorú pluma,” arsa mise. Ansin dúirt an Tiarna liom: “Féach, tá mé chun mo phobal Iosrael a thomhas le dorú pluma; ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.


Agus luífidh síos ina lár tréada de gach saghas ainmhithe; agus fiú amháin an cág agus an t‑ulchabhán, déanfaidh siad fara dá coirnisí san oíche. Cloisfear a nglaonna ar an bhfuinneog agus grágaíl an fhéich dhuibh ar an tairseach. Óir, tá an obair chéadrais millte.


Ghlaoigh sé in ard a ghutha á rá: “Tá sí ar lár, ar lár, an Bhablóin Mhór! Rinne nead lonnaithe deamhan di, agus daingean gach spioraid mhíghlain, agus tearmann gach éin bhréin, [agus lóiste gach ainmhí neamhghlain] uafair;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí