Lúcás 16:24 - An Bíobla Naofa 1981 Agus ghlaoigh sé amach: ‘A athair Abrahám,’ ar sé, ‘bíodh trua agat dom, agus cuir Lazaras go dtomfadh sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaródh mo theanga, óir táim do mo chrá sa lasair seo.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ghlaoigh sé in ard a chinn, ‘A athair Abracham, bíodh trócaire agat orm, agus cuir Lasarus uait go bhfliucha sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaraí sé mo theanga; mar táim i bpianpháis sa bhladhaire tine seo.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus scairt sé amach, agus dubhairt: A Abrahaim, a athair, déan trócaire orm agus cuir Lasair go dtomaidh sé bárr a mhéire i n-uisce, chun mo theanga d’fhuaradh, óir tá mé mo chéasadh san bhladhair seo. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do liúigh sé agus adubhairt. A athair Abracham, déan trócaire orm, agus cuir uait Lasár, go gcuiridh sé bárr a mhéire i n‐uisce, chum mo theanga d’fhuaradh: óir atáim fá chrádh sa lasair seo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar néimhghe dhósan an tansin a dubhairt sé, A athair Abraham, déana trócaire oram, agus cuir Lásarus do thumadh barr amheóir a nuisge, agus dfúaradh mo theangtha: óir ataim dom roiphíanadh an sa lasairsi. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do liúigh sé amach agus dubhairt sé: A athair Ábrahaim, glac truagh dhom agus cuir chúgham Lasarus go gcuiridh sé bara a mhéire i n-uisge agus go bhfuaraidh sé mo theanga, óir táim a’m losgadh sa lasair seo. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus ghlaoigh sé amach: ‘A athair Abrahám,’ ar sé, ‘bíodh trua agat dom, agus cuir Lazaras go dtomfaidh sé barr a mhéire in uisce agus go bhfuaróidh mo theanga, óir táim do mo chrá sa lasair seo.’ |
Tá na géaga críon, sa chaoi go scoitear iad; tagann mná agus lasann siad an tine leo. Óir is pobal é seo atá gan tuiscint, mar sin, an té a chruthaigh iad, níl trua aige dóibh; an té a dhealbhaigh iad, ní thaispeánann fabhar dóibh.
Agus nuair a théann siad amach, feicfidh siad corpáin na ndaoine sin a rinne ceannairc i m'aghaidh. A gcnumhóg siúd, ní rachaidh in éag ná a dtine ní mhúchfar ábhar gránach a bhéas iontu ag an gcine daonna go léir.
Ach maidir leis na ciníocha uile a bheidh tar éis cogadh a chur ar Iarúsailéim, is í seo an phlá lena mbuailfidh an Tiarna iad: lobhfaidh a gcuid feola orthu, fiú amháin agus iad ina seasamh ar a gcosa; morgfaidh a súile ina logaill agus dreofaidh a dteanga ina mbéal.
Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.
agus nárab áil libh a rá libh féin: ‘Tá Abrahám mar athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann a thógáil d'Abrahám as na clocha seo.
Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine ifrinn.
Dúirt sé: ‘Ní hea, a athair Abrahám, ach má théann duine ó na mairbh chucu déanfaidh siad aithrí.’
Dúirt Íosa leis: “Tá slánú tar éis teacht chun an tí seo inniu, mar is mac d'Abrahám an duine seo freisin:
Tugaigí, más ea, torthaí uaibh is dual don aithrí. Agus aire daoibh gan a rá libh féin: ‘Tá Abrahám ina athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann d'Abrahám a thógáil as na clocha seo.
D'fhreagair Íosa: “Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi, “agus cé hé a deir leat: ‘Tabhair dom deoch,’ is tusa a bheadh ag iarraidh airsean, agus thabharfadh sé duit uisce beo.”
Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”
Lá mór deireanach na féile sheas Íosa agus ghlaoigh in ard a ghutha: “Má tá tart ar aon duine,” ar sé, “tagadh sé chugamsa agus óladh sé!
agus is sinsear chomh maith é don mhuintir atá timpeallghearrtha ach nach timpeallghearrtha amháin atá siad ach go leanann siad ina theanntasan lorg an chreidimh a bhí ag ár sinsear Abrahám sul ar timpeallghearradh é.
Tiocfaidh sé i gcaoraíl tine ag agairt díoltais orthu siúd nach bhfuil aithne ar Dhia acu agus nach ngéilleann do dhea-scéal ár dTiarna Íosa.
Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.
Lasair an teanga chomh maith; is domhan coirpeachta í an teanga i measc ár mball, agus í ag truailliú an choirp ar fad, ag cur cúrsa an tsaoil trí thine, agus ifreann á cur féin ar lasadh.
Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh.
Agus má bhí aon duine nach bhfuarthas a ainm i leabhar na beatha teilgeadh é sa linn tine.
Ansin thaispeáin sé dom sruth uisce na beatha, é glan mar chriostal, ag teacht ó ríchathaoir Dé agus an Uain.
D'fhreagair Samúéil á rá: “Cén fáth ceist a chur ormsa nuair a thréig an Tiarna thú agus go bhfuil sé ar thaobh [do chomharsan]?