Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 12:8 - An Bíobla Naofa 1981

Deirim libh, gach aon duine a ghlacfaidh liomsa os comhair daoine, glacfaidh Mac an Duine leis sin chomh maith os comhair aingeal Dé;

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

“Agus táim ag insint daoibh, níl duine dá n‑admhaíonn mé os comhair na ndaoine, nach n‑admhóidh Mac an duine é os comhair aingeal Dé,

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus deirim libh: cibé ar bith a admhóchas mise ós cómhair na ndaoine, admhóchaidh Mac an Duine eisean fosta ós cómhair aingle Dé.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus adeirim libh, Cibé duine admhóchas mise i bhfiadhnaise na ndaoine, admhóchaidh Mac an Duine eisean i bhfiadhnaise aingeal Dé:

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus fós a deirim ribh, Gidh bé ar bith aidmheóchus misi a bhfiádhnuise na ndáoine, aidmheóchaidh Mac an duine mar an gcéadna eisean a bhfiadhnari aingeal Dé:

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus deirim libh: An uile dhuine d’admhóchaidh mise os cómhair daoine, admhóchaidh Mac an Duine eisean os cómhair aingeal Dé.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Deirim libh, gach aon duine a ghlacfaidh liom-sa os comhair daoine, glacfaidh Mac an Duine leis sin chomh maith os comhair aingil Dé;

Féach an chaibidil



Lúcás 12:8
13 Tagairtí Cros  

Inseoidh mé d'fhorálacha i láthair ríthe; ní bheidh cotadh ar bith orm.


Dúirt Íosa leis: “Tá pruchóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.”


Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingeal Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.”


Má sheasaimid an fód, beimid inár ríthe leis chomh maith. Má shéanaimid é, séanfaidh seisean sinn.


Gach duine a shéanann an Mac, níl an tAthair aige ach an oiread. An té a admhaíonn an Mac, tá an tAthair freisin aige.


Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún d'fhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha.


Is eol dom cá bhfuil cónaí ort, mar a bhfuil ríchathaoir Shátain; agus coinníonn tú m'ainm agus níor thréig tú do chreideamh ionam fiú i laethanta Aintipeas, an finné dílis liom a cuireadh chun báis ar an mbaile agaibh, mar a bhfuil cónaí ar Shátan.


Uime sin - agus sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag labhairt anois - fág gur gheall mé go siúlfadh do theaghlach agus teaghlach d'athar i m'fhianaise go brách, anois, áfach - sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag caint - i bhfad uaim a leithéid! An mhuintir a thugann onóir domsa, tugaim onóir dóibh; an mhuintir a thugann tarcaisne domsa, ní bheidh meas orthu.