Ina dhiaidh sin bhris mé an dara bachall, “Aontacht”, ina dhá leath chun an bráithreachas a bhí idir Iúdá agus Iosrael a bhriseadh.
Lúcás 12:51 - An Bíobla Naofa 1981 An é is dóigh libh gur chun síocháin a thabhairt ar an talamh a tháinig mé? Ní hea, deirim libh, ach easaontas. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) An síleann sibh gur tháinig mise le síocháin a thabhairt don domhan seo? Deirim nach ea, dealú is mó a thiocfas de; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara An síleann sibh gur chun síothcháin a thabhairt ar an talamh a tháinic mé? Ní h-eadh, deirim libh, acht scaramhaint. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) An measann sibh gur chum síothchána do chur ar talamh thánag‐sa? Ní h‐eadh, adeirim libh, acht chum easaontais: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An sáoilti gur ab chum sióthchána do thabhairt ar an dtalamh tháinic misi? a deirim ribh, Nach eadh; achd ceannairce: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) An dóigh libh gur chun síothchána chur ar an dtalamh so do thánag-sa? Ní h-eadh, adeirim libh, ach chun deighilte. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 An é is dóigh libh gur chun síocháin a thabhairt ar an talamh a tháinig mé? Ní hea, deirim libh, ach easaontas. |
Ina dhiaidh sin bhris mé an dara bachall, “Aontacht”, ina dhá leath chun an bráithreachas a bhí idir Iúdá agus Iosrael a bhriseadh.
“Chun tine a chaitheamh ar an talamh a tháinig mé, agus nach mór is áil liom go mbeadh sí ar lasadh cheana féin!
Óir, as seo amach, beidh cúigear in aon teaghlach in easaontas le chéile, triúr le beirt agus beirt le triúr;
(Nuair a bhí an méid sin ráite aige, d'imigh na Giúdaigh uaidh amach, agus aighneas mór acu eatarthu féin.)