Is gairid an seal a thug tú dom, is neamhní mo ré shaoil i d'fhianaise. Níl i neach dá maireann ach puth anála
Lúcás 12:26 - An Bíobla Naofa 1981 Dá bhrí sin, nuair nach bhfuil neart agaibh ar an rud is lú, cad chuige daoibh bheith imníoch faoi na rudaí eile? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mura bhféadann sibh an rud beag bídeach sin a dhéanamh, cad chuige a mbíonn imní oraibh faoi an gcuid eile? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ar an adhbhar sin, muna bhfuil an rud is lugha ar bhur gcumas, cad chuige a mbíonn cúram oraibh fá na neithe eile? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Mar sin de, muna féidir dhaoibh an nidh is suaraighe do dhéanamh, cad chuige dhaoibh bheith fá imnidhe i dtaobh éinnidh eile? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin muna bhfuil ar bhur gcumas an ní as lugha, créd fa bhfuil cúram na neitheann eíle oraibh? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus mura féidir daoibh an rud is suaraighe dhéanamh, cad chuige dhaoibh bheith ag ceisneamh i dtaobh aon nídh eile. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dá bhrí sin, nuair nach bhfuil neart agaibh ar an rud is lú, cad chuige daoibh a bheith imníoch faoi na rudaí eile? |
Is gairid an seal a thug tú dom, is neamhní mo ré shaoil i d'fhianaise. Níl i neach dá maireann ach puth anála
“Sin é an fáth a ndeirim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia nó dí, na faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. Nach mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t‑éadach?
Cé agaibh a d'fhéadfadh, trí bheith ag déanamh imní aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil?
Breathnaígí na lilí mar a fhásann siad: ní dhéanann siad saothar ná sníomh. Ach deirim libh nach raibh ar Sholamh féin, dá mhéad a ghlóire, cóir éadaigh mar atá ar cheann díobh seo.
Sibhse, mar an gcéanna, ná bígí ag lorg bhur mbia ná bhur ndí, agus ná bígí do bhur gcrá féin.