Lúcás 11:31 - An Bíobla Naofa 1981
Éireoidh banríon an deiscirt in am an bhreithiúnais le muintir na glúine seo agus daorfaidh sí iad, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh.
Féach an chaibidil
Éireoidh banríon an deiscirt nuair a chuirfear an breithiúnas ar fhir na glúine seo go ndaorfaidh iad; mar tháinig sise ó thíortha in imigéin le héisteacht le heagna Sholaimh, agus tá ní anseo is mó ná Solamh.
Féach an chaibidil
Éireochaidh bainríoghan an deiscirt san bhreitheamhnas le muinntir na glúine seo, agus daorfaidh sí iad, óir tháinic sise ó imillchríocha an domhain d’éisteacht le h-eagna Shalomoin; agus féach, neach is mó ná Salomon annseo.
Féach an chaibidil
Éireochaidh ríoghan an domhain theas sa mbreitheamhnas i n‐aghaidh muinntire an chinidh seo, agus bhéarfaidh sí daoir‐bhreith ortha: óir tháinig sise ó imeallaibh an domhain chum éisteachta le h‐eagna Sholaimh; agus féach, atá duine is mó ’ná Solamh annso.
Féach an chaibidil
Eiréochuidh bainrióghan an aoibhe ó dheas a mbreitheamhnus maille ré dáoinibh an chinidhsí, agus daimneóchaidh si iád: oír tháinic sisí ó leithimlibh na talmhan déisdeachd ré heagna Sholaimh: agus, féuch, atá duine as mó ná Solamh ann so.
Féach an chaibidil
Eireóchaidh Banríghin na deisceirte i mbreitheamhantas i gcoinnibh muintire an tsleachta so, agus tabharfaidh sí daorbhreith ortha; óir do tháinigs í ó imeallaibh an domhain chun éisteacht le h-eagna Shalomóin; agus féach duine anso is mó ’ná Salomón.
Féach an chaibidil
Éireoidh ban-ríon an deiscirt in am an bhreithiúnais le muintir na glúine seo agus daorfaidh sí iad, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh.
Féach an chaibidil