Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 3:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Agus dúirt an Tiarna liom: “Is mó d'fhíréan Iosrael mhídhílis ná Iúdá fhealltach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus a dubhairt an TIGHEARNA riomsa, Is mó do fhíréunuigh Israel mhíochoinghiollach í féin ná Iúdah fealltach.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 3:11
9 Tagairtí Cros  

Tá siad iompaithe ar ais ar chionta a n‑aithreacha rompu, a dhiúltaigh mo bhriathra a éisteacht; tá siad seo freisin ag dul i ndiaidh déithe eile agus ag fónamh dóibh. Tá an conradh a rinne mé lena n‑aithreacha briste ag teach Iosrael agus ag teach Iúdá.


“Filligí, a mhaca mídhílse, leigheasfaidh mise bhur mídhílseacht.” “Táimid anseo, is ortsa atá ár dtriall, óir is tú an Tiarna ár nDia.


Cheap mise: ‘Tar éis di seo uile a dhéanamh fillfidh sí ormsa.’ Ach níor fhill. Chonaic a deirfiúr fhealltach Iúdá é seo.


Chonaic freisin gur mar gheall ar an uile adhaltranas a bhí déanta ag Iosrael mhídhílis a chuir mise uaim í agus thug scríbhinn dealaithe di. Níor ghabh eagla a deirfiur fhealltach Iúdá, áfach, ach d'imigh sise freisin agus d'imir an striapach.


Ach níor [leor leatsa] siúl de réir a ngníomharthasan ná de réir a n‑imeachtaí gránna; i gceann tamaill bhig bhí tú níba thruaillithe ná iad féin.


“Cé go bhfaca a deirfiúr Ohoilíbeá é sin ba thruaillithe fós ise ina suirí, ba mheasa a mheirdrigh sí ná a deirfiúr.


Tá claonadh i mo phobal chun iompú uaim; [nuair a ghlaotar orthu] éirí in airde, níl duine díobh a dhíríonn aniar.


Go deimhin, tá Iosrael chomh ceanndána le bodóg stailceach! Agus an amhlaidh go gcaithfidh an Tiarna iad a aoireacht anois mar uain i bhfásach féir?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí