Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Irimia 3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil III. Seanmóir ag brostughadh na Níuduigheadh chum aithreachus.

1 Deirid síad, Má ligion fear a bhean, agus go nimeochuidh sí úadh, agus go mbía sí ag fear oile, a niompochuidh sé uirre a rís? nach ttrúaillighear an talamhsin go mór? acht do rinne tusa meirdreachus lé mórán do lucht grádha; acht cheana, fill chugamsa a rís, a deir an TIGHEARNA.

2 Tóig súas do shúile chum na náiteach nárd, agus féuch a náit ann nach ar luigheadh leachd: annsna slighthibh do shuigh tú ríu, do nós a Narábianuigh annsá bhfásach; agus do thruáill tú an talamh led stríopachus agus led chiontuibh.

3 Uimesin do congmhadh na ceatha, agus ní raibh an fearthuinn deireanach ann; agus do bhí éadan stríopuidh agadsa, do dhiúlt tú bheith náireach.

4 Nach éighfidh tú órumsa ó nuairsi amach, Mo athair, is tú tréoruightheóir móige?

5 An ccoinneochuidh sé a fhearg choidhche? an ccoinneocha sé í go deireadh? Féuch, a dúbhairt tú agus do rinne tú droichneithe mar do fhéad tú.

6 ¶ A dubhairt an TIGHEARNA mar an ccéadna riomsa a láethibh Iosiah an rígh, An bhfaca tú an ní sin do rinne Israel míochoinghiollach? do chuáidh sí súas ar gach aon tslíabh ard agus faói gach aon chrann glas, agus annsin do rinne sí meirdreachus.

7 Agus a dubhairt misi tar éis í da ndéanamh so uile, Fill chugamsa. Acht níor fhill sí. Agus do chonnairc a deirbhshíur fhealltach Iúdah sin.

8 Agus do chonnairc misi, a núair ar son gach uile chúise ler chiontuigh Israel mhíochoinghiollach a nadhaltranas gur chuir mé uaim í, agus go ttug mé scríbhinn dealuighthe dhi; thairis sin níor ghabh eagla a deirbhshíur fhealltach Iúdah, acht dimthigh sí agus do rinne sí fós meirdreachus.

9 Agus tárla tré éattruime a stríopachuis, gur thruáill sí an talamh, agus go ndéarnuidh sí adhaltrannus re clochuibh agus ré smotanuibh.

10 Agus thairis so uile níor fhill a deirbhshíur fhealltach Iúdah chugamsa maille re na huile chroidhe, acht go bréagach, ar san TIGHEARNA.

11 Agus a dubhairt an TIGHEARNA riomsa, Is mó do fhíréunuigh Israel mhíochoinghiollach í féin ná Iúdah fealltach.

12 ¶ Eírigh, agus fúagair na bríathraso leath ris an ttaoibh thuáigh, agus abair, Fill, a Israel mhíochoinghiollach, a deir an TIGHEARNA; agus ní thiubhra misi ar mfeirg tuitim ort: óir a atáim trócaireach, a deir an TIGHEARNA, agus ní choinneocha mé fearg go síothbhuan.

13 Amháin aduimh do chionta, gur sháruigh tú a naghaidh an TIGHEARNA do Dhía, agus gur spréigh tú do shlighthe do na coimhightheachuibh faói gach áon chrann glas, agus nar úmhluigh tú dom ghuthsa, a deir an TIGHEARNA.

14 Fillidh, a chlann mhiochoinghiollach; a deir an TIGHEARNA; óir atáimsi pósta ribh: agus glacfa mé sibh áon as cathruigh, agus días as muinntir, agus do bhéara me sibh go Sion:

15 Agus do bhéara mé áodhaireadha dhíbh do réir mo chroidhe, noch bheathochus sibh lé héolus, agus le tuigsin.

16 Agus tiucfa a ccrích, a nuáir oirlíonfuidhe agus mhéideochthaoi annsa tír, annsna laéthibhsin, a deir an TIGHEARNA, ní aibeoruid síad ní as mó, Airc chunnartha an TIGHEARNA: ní mó thiucfas dá nintinn: ní mó chuimhneochuid síad í; ní mó rachaid síad ar cúairt chuice; ní dhéantar sin ní sa mhó.

17 Annsa namsin goirfid Dierusalem cathaóir an TIGHEARNA; agus cruinneochthar na críocha uile chuice, go hainm an TIGHEARNA, go Hierusalem: agus ní shiubholfuid síad ní sa mhó do reir bhreathnuighe a ndroch chroidhe féin.

18 Annsna laéthibhsin siúbholfuigh tigh Iúdah le tigh Israel, agus tiucfaid lé chéile as fearann an tuáisceirt don dúthaigh thug misi mar oighreacht dá bhur naithribh.

19 Acht a dubhairt mé, Ciondus chuirfios mé thusa a measg na cloinne, agus bhéaras mé dúthaigh aóibhin duit, deaghoighreachd shlúagh na gcineadhach? agus a dúbhairt mé, Goirfe tú dhíomsa, Mo athair; agus ní fhillfe tú ar ais uáimsi.

20 ¶ Go deimhin mar imthigheas bean go meabhlach ó na fear, is marsin do rinne tusa go meabhlach riomsa, a thigh Israel, a deir an TIGHEARNA.

21 Do chlos guth ar na haitibh árda, caoi agus gearán chloinne Israel: óir do mhilleadar a slighe, agus do dhearmadar an TIGHEARNA a Ndía.

22 Fillidh, a chlann mhíochoinghiollach, agus leigheosuidh misi bhur míochoinghioll. Feuch, thangamar chugadsa; óir is tú an TIGHEARNA ar Ndía.

23 Go deimhin is díomhaóin súil do bheith re slánughadh ó na cnocaibh, agus ó iomad na slíabh: go deimhin is annsa TIGHEARNA ar Ndía atá slánughadh Israel.

24 Oír do shluig náire sáothar ar naithreadh ó ar nóige; a ttréada agus a náirgheadha, a mic agus a ningheana.

25 Luidhmid síos ann ar náire, agus foluighidh ar mbuáidhirt sinn: óir do pheacuigheamar a naghaidh an TIGHEARNA ar Ndía, sinn féin agus ar naithre, eadhon ó ar nóige gus a niugh, agus níor úmhluigheamar do ghuth an TIGHEARNA ar Ndía.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí