Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 1:58 - An Bíobla Naofa 1981

Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus chuala a comharsana agus a daoine muinteartha faoin mórthrócaire a rinne Dia uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus chuala a cómharsain agus a gaolta go ndearna an Tighearna a mhór-thrócaire uirthí, agus rinne siad cómhgháirdeachas léi.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus do‐chuala a cómharsana agus a gaolta i dtaobh na mór‐thrócaire do‐rinne an Tighearna uirthi; agus do‐rinneadar cómh‐gháirdeachas léi.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do chúaladar a comharsain agus a dáoine gáoil, gur fhoillsigh an Tighearna a thrócaire mhór féin di; agus do rinneadar gáirdeachus má ráon ria.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus d’airigh a cómharsain agus a gaolta go raibh an Tighearna tar éis a mhór-thrócaire dhéanamh uirthi, agus dheineadar gáirdeachas léi.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comh-ghairdeas léi.

Féach an chaibidil



Lúcás 1:58
12 Tagairtí Cros  

“Féach, fuair do shearbhónta fabhar i do láthair agus thaispeáin tú trócaire mhór dom nuair a shaor tú on mbás mé. Ach ní fhéadfainn teitheadh chun na gcnoc le heagla go mbéarfadh an anachain orm agus go gcaillfí mé.


Ansin dúirt Sárá: “Thug Dia cúis gháire dom; gach a gcloisfidh, déanfaidh siad gáire liom.”


Tugann sé sliocht sa teach don bhean gan leanbh; go mbíonn ina máthair chlainne faoi áthas.


Gura tú ábhar lúcháire d'athar agus suáilceas na mná a d'iompair thú!


Beidh áthas ort agus gairdeas, agús beidh mórán ag déanamh áthais faoina shaolú.


ag rá: “Is mar seo a rinne an Tiarna liom é sna laethanta inar dhearc sé orm chun m'aithis i measc daoine a thógáil díom.”


Tháinig a hionú d'Eiliosaibeit agus rug sí mac.


Dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó: “Nuair a bhíonn meán lae nó dinnéar á thabhairt agat, ná cuir gairm ar do chairde ná ar do bhráithre ná ar do ghaolta ná ar do chomharsana saibhre, le heagla go dtabharfaidís sin cuireadh duitse ar a seal agus go ndíolfaí an comhar leat.


Bígí lúcháireach le lucht na lúcháire agus dobrónach le lucht an dobróin.


Dá chionn sin, má bhíonn tinneas ar bhall amháin bíonn na baill go léir i gcomhphian leis, agus má bhíonn ball faoi mheas, bíonn na baill go léir ag déanamh comhghairdis leis.