Lúcás 14:12 - An Bíobla Naofa 198112 Dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó: “Nuair a bhíonn meán lae nó dinnéar á thabhairt agat, ná cuir gairm ar do chairde ná ar do bhráithre ná ar do ghaolta ná ar do chomharsana saibhre, le heagla go dtabharfaidís sin cuireadh duitse ar a seal agus go ndíolfaí an comhar leat. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)12 Is é a dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó, “Nuair a thugann tusa proinn nó fleá, ná tabhair cuireadh do do chairde ná do do dheartháireacha ná do do dhaoine muinteartha ná do do chomharsana saibhre, ar eagla go dtabharfaidh siad athchuireadh duit, agus go gcúiteofar an chomaoin leat. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara12 Agus dubhairt sé fosta leis an té a thug cuireadh dó: Nuair a ghní tú dinnéar nó suipéar, ná goir dó cháirde, ná do bhráithre, ná do ghaolta, ná do chómharsanaigh saidhbhre, ar eagla go dtabharadh siad-san cuireadh thar ais duit-se, agus go mbéadh a aisíoc agat. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)12 Agus adubhairt sé leis an té thug an cuireadh dhó, Nuair do‐bhéarfair dínnéar nó séire, ná glaodh ar do cháirdibh, ná ar do bhráithribh, ná ar do ghaoltaibh, ná ar do chómharsanaibh saidhbhre; ar eagla go dtabharfaidís‐sean cuireadh dhuit‐se ’n‐a dhiaidh sin, agus go ndíolfaidhe an cómhar leat. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)12 Agus fós a dubhairt sé ris an té thug cuireadh dhó, An tráth do dhéanas tú dinnéir nó suipéir, ná goir do cháirde ná do dhearbhraithre, ná do dháoine gáoil, ná do chomh arsanna saidhbhre; ar eagla go dtiobhradh siadsan fós cuireadhdhuitse arís, agus go bhfúoghtheá an chomáoin chéadna. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)12 Agus dubhairt sé leis an t-é a thug an cuireadh dhó féin: Nuair a dhéanfair dínnéar nó suipéar ná glaoidh ar do cháirdibh, ná ar do bhráithre, ná ar do ghaolta, ná ar do chómharsanaibh saidhbhre, le h-eagla dtabharfaidís sin cuireadh thar a cheann duit-se, agus go dtabharfaí do chuid thar n-air duit. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201212 Dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó: “Nuair a bhíonn meán lae nó dinnéar dá thabhairt agat, ná cuir gairm ar do chairde ná ar do bhráithre ná ar do ghaolta ná ar do chomharsana saibhre, le heagla go dtabharfaidís sin cuireadh duit-se ar a seal agus go ndíolfaí an comhar leat. Féach an chaibidil |