Lúcás 1:46 - An Bíobla Naofa 1981 Agus dúirt Muire: “Mórann m'anam an Tiarna, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach is é a dúirt Muire, “Bíonn mʼanam ag móradh an Tiarna, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Muire: Mórann m’anam-sa an Tighearna, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt Muire, Adhmholann m’anam an Tighearna, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Muire, Adhmolaidh manam an Tighearna, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Muire: Mór-mholadh ó m’anam-sa do’n Tighearna, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus dúirt Muire: “Mórann mʼanam an Tiarna, |
“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda.
Agus ní hé sin amháin é, ach táimid mórálach as Dia trínár dTiarna Íosa Críost, an té a ghnóthaigh an t‑athmhuintearas sin anois dúinn.
Dá réir sin, mar atá scríofa: “An té a bhfuil mórtas air, bíodh a mhórtas as an Tiarna aige.”
A bhuí le Dia a bhíonn i gcónaí dár seoladh ina mhórshiúl caithréimeach i gCríost agus ag leathadh eolais air trínár mbíthin i ngach áit mar a bheadh boladh cumhra ann.
Is againne atá an fíorthimpeallghearradh mar is faoi anáil an Spioraid a adhraímid Dia agus is as Íosa Críost atá ár maíomh in ionad dul i muinín na colainne,
Go ndéana Dia na síochána féin, sibh a naomhú go smior; agus go gcoimeádtar slán gan locht sibh idir spiorad agus anam agus chorp i gcomhair theacht ár dTiarna Íosa Críost.
Ní fhaca sibh é, ach tugann sibh grá dó; ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas glórmhar dolabhartha,