Ach bhí siadsan ag machnamh mar seo ina gcroí: “Mar nár thugamar an t‑arán linn.”
Lúcás 1:29 - An Bíobla Naofa 1981 Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sort beannachadh é seo. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach is é rud, chuir an rá sin faoi imní mhór í, agus í ag smaoineamh ina hintinn cad é ba chiall do bheannacht den sórt sin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chuala sí sin, chuir a chainnt trioblóid uirthí, agus bhí sí ag meabhrughadh cad é ba chiall leis an bheannughadh siúd. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht do bhí buaidhreadh mór uirthi de bharr na cainnte, agus do bhí sí ag machtnamh ’n‐a h‐intinn ar cad ba chiall do’n bheannú sin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do chonnairc sí é, do bhí sí ar na búaidhreadh fá na bhriathraibh, agus do bhí sí ag smúaineadh créd an ghné bheannughtheaso. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair airigh sí é do chuir an chaint buaireamh uirthi, agus mhachtnuigh sí cad é an saghas an beannú san. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sórt beannú é seo. |
Ach bhí siadsan ag machnamh mar seo ina gcroí: “Mar nár thugamar an t‑arán linn.”
Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: “Sé do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mná.”
agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: “Cad is dán don leanbh seo, mar sin?” Óir go deimhin bhí lámh an Tiarna leis.
Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí.
Bhí mearbhall ar Pheadar i dtaobh brí na físe a bhí feicthe aige: idir an dá linn bhí na fir a chuir Coirnéilias uaidh tar éis tuairisc theach Shíomóin a chur agus bhí siad ina seasamh ag an doras faoin am seo
Stán sé ar an aingeal le scanradh agus dúirt: “Cad é sin, a dhuine uasail?” D'fhreagair an t‑aingeal: “Tá d'urnaithe agus do dhéirc imithe suas i bhfianaise Dé agus tá cuimhne aige orthu.