Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 1:19 - An Bíobla Naofa 1981

Dúirt an t‑aingeal leis á fhreagairt: “Mise Gaibriéil a sheasann i láthair Dé, agus cuireadh mé chun labhartha leat, agus na dea-scéala seo a thabhairt duit.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ach ba é freagra an aingil, “Is mise Gabriél, an té a bhíos ina sheasamh i láthair Dé; agus cuireadh uaidh mé le bheith ag caint leat, agus leis an scéal áthasach seo a insint duit.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus dubhairt an t-aingeal leis, ghá fhreagairt: Is mise Gabriél, a sheasas ós cómhair Dé, agus cuireadh mé a labhairt leat agus d’innse na scéala maithe seo duit.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus d’fhreagair an t‐aingeal agus adubhairt sé leis, Is mise Gaibrial bhíos im’ sheasamh i láthair Dé; agus do cuireadh mé chum labhartha leat‐sa, agus chum na deagh‐scéala so d’innsin duit.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar bhfreagra don aingeal a dubhairt sé ris, Is misi Gabríel, sheasas a bhfíadhnuisi Dé; agus do cuireadh mé do labhairt riotsa, agus dinnsin na núaidheachd maith so dhuit.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus d’fhreagair an t-aingeal é, agus dubhairt: Is mise Gabriél atá am’ sheasamh i láthair Dé, agus do cuireadh mé chun labhartha leat-sa agus na neithe seo do chraobhsgaoileadh dhuit.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Dúirt an t-aingeal leis dá fhreagairt: “Mise Gaibriéil a sheasann i láthair Dé, agus cuireadh mé chun labhartha leat, agus an dea-scéala seo a thabhairt duit.

Féach an chaibidil



Lúcás 1:19
8 Tagairtí Cros  

“Aire daoibh gan bheith neamhshuimiúil i nduine ar bith de na rudaí beaga seo, óir deirim libh, bíonn a n‑aingil ar neamh ag breathnú de shíor ar ghnúis m'Athar atá ar neamh.


Agus féach, beidh tú i do thost, agus gan ar chumas duit labhairt go dtí an lá a ndéanfar na nithe seo, de bhrí nár chreid tú mo bhriathra a chomhlíonfar ina dtrath féin.”


Sa séú mí, cuireadh an t‑aingeal Gaibriéil ó Dhia go dtí cathair sa Ghailíl darbh ainm Nazarat


Agus dúirt an t‑aingeal leo: “Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile:


Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”


Ós rud é, mar sin, go bhfuil ardsagart againn atá gafa tríd na flaithis, Íosa, Mac Dé, coinnímis greim docht ar ár gcreideamh.