Lúcás 21:36 - An Bíobla Naofa 198136 Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)36 Ach fanaigí in bhur ndúiseacht i rith an ama, agus bígí ag guí go mbeidh sé de neart agaibh teacht slán as a dtiocfaidh oraibh agus seasamh os comhair Mhac an duine.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara36 Ar an adhbhar sin, bígidh ag faire, agus i gcómhnaidhe ag guidhe, chun go meastaí gurbh fhiú sibh imtheacht ar na neithe sin uilig atá le theacht, agus seasamh ós cómhair Mhic an Duine. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)36 Acht bidhidh ag faire i gcómhnaidhe, agus ag guidhe, go mbéidh sé de neart agaibh éalódh ó na neithibh sin uile atá le teacht, agus seasamh i láthair Mhic an Duine. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)36 Ar a nadhbharsin déanuidh faire, ag guidho gach uile uair, ionnus go rucasfuigh gur fiú sibh dul as ó na neithibhsi uile atá chum teachda, agus go seasmhóchadh sibh a bhfiadhnuisi Mhic an duine. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)36 Déinidh faire, d’á bhrígh sin, ag dhéanamh úrnuighthe coitchianta, ionus gur bhfiú sibh dul ó sna neithe sin go léir atá te teacht, agus seasamh i láthair Mhic an Duine. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201236 Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.” Féach an chaibidil |