Déanfaidh mé cine mór díot agus beannóidh mé thú agus mórfaidh mé d'ainm chomh mór sin go mbeidh sé mar bheannacht ag daoine.
Lúcás 1:15 - An Bíobla Naofa 1981 Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) mar beidh sé ina fhear mór os comhair Dé, agus ní ólfaidh sé fíon ná biotáille, ach is amhlaidh líonfar den Spiorad Naomh é, chomh luath agus a fhágfaidh sé broinn a mháthar. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus béidh sé mór i láthair an Tighearna, agus ní ólfaidh sé fíon ná deoch mheisceamhail, agus béidh sé lán de’n Spiorad Naomh fiú ó bhroinn a mháthar. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir béidh sé mór i bhfiadhnaise an Tighearna, agus fíon nó deoch meisneamhail ní ólfaidh sé; agus béidh sé lán de’n Spiorad Naomh ó bhroinn a mháthar. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oir bíaidh sé na dhuine mhór a bhfíadhnuisi an Tighearna, agus ni íobha sé fíon na deoch láidir; agus fós bíaidh sé lan don Spiorad Náomh, ó bhroinn a mháthar. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir beidh sé mór i láthair Dé, agus ní ólfaidh sé fíon ná deoch mheisgeamhail, agus beidh sé lán de’n Spioraid Naomh ó bhroinn a mháthar féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar, |
Déanfaidh mé cine mór díot agus beannóidh mé thú agus mórfaidh mé d'ainm chomh mór sin go mbeidh sé mar bheannacht ag daoine.
Ní dhearna an t‑athair rud air, ach dúirt: “Tá a fhios agam, a mhic ó, tá a fhios sin. Beidh seisean leis ina phobal mór, agus beidh sé tábhachtach. Ach is tábhachtaí ná é a bheidh an deartháir is óige agus beidh a shliocht ina mbaicle ciníocha.”
Gach slógadh dá ndearna tú, bhí mé in éineacht leat; rinne mé do naimhde go léir a threascairt romhat. An dream is mó ar talamh, ní mó a gclú ná an clú a thabharfaidh mé duitse.
Is uaitse saibhreas agus onóir, agus is tú a rialaíonn gach ní; tá neart agus cumhacht i do láimh; ar do láimhse atá méid agus cumas a thabhairt do chách.
“Bhí a mhuinín as an Tiarna go saorfaí é: saoradh seisean é, más air atá a ghreann.”
“Sular chum mé thú sa bhroinn bhí aithne agam ort; sular rugadh thú choisric mé thú; d'ordaigh mé thú i d'fháidh do na ciníocha.”
Dúirt siadsan: “Ní ólaimidne fíon, óir d'ordaigh Iónádáb mac Raecáb ár sinsear dúinn: ‘Ní ólfaidh sibh fíon, sibh féin ná bhur mic go brách.
“Nuair a bhíonn sibh ag dul isteach i mBoth na Teagmhála, tú féin agus do chlann mhac mar aon leat, ná hólaigí fion ná braon crua, le heagla an bháis. Reacht síoraí é sin ag bhur sliocht ó ghlúin go glúin.
Cosnóidh Tiarna na Slua iad; dísceoidh siad [a naimhde] agus gabhfaidh siad de chosa sna clocha tabhaill. Ólfaidh siad agus tógfaidh siad racán, faoi mar a bheadh siad ar meisce le fíon; beidh siad chomh lán le babhla íobartha chomh smeartha le cúinní altóra.
“Óir deirim libh, níl, de shliocht ban, duine is mó ná Eoin. Ach an té is lú i ríocht Dé, is mó é ná eisean.
“Óir tá Eoin Baiste tagtha, gan é bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona, agus deir sibh: ‘Tá deamhan ann!’
Lóchrann ar lasadh agus ag taitneamh a ba ea é siúd, agus níor mhiste libhse ar feadh tamaill áthas a fháil ina sholas.
agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.
Ach nuair ba dheoin leis an té, a dhealaigh amach mé fad a bhí mé fós i mbroinn mo mháthar, agus a ghlaoigh chuige féin mé as ucht a ghrásta -
Agus ná bíodh meisce fíona oraibh mar níl ansin ach drabhlás, ach bígí lán den Spiorad,
Dúirt an Tiarna le Iósua: “Inniu féin tosóidh mé ar thú a mhóradh i radharc Iosrael go léir d'fhonn go mbeadh a fhios acu go mbeidh mé faratsa faoi mar a bhíos fara Maois.
An lá úd rinne an Tiarna gaiscíoch de Iósua i súile Iosrael go léir; bhí eagla orthu roimhe faoi mar a bhí roimh Mhaois gach lá dá shaol.