Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Óir béidh sé mór i bhfiadhnaise an Tighearna, agus fíon nó deoch meisneamhail ní ólfaidh sé; agus béidh sé lán de’n Spiorad Naomh ó bhroinn a mháthar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 mar beidh sé ina fhear mór os comhair Dé, agus ní ólfaidh sé fíon ná biotáille, ach is amhlaidh líonfar den Spiorad Naomh é, chomh luath agus a fhágfaidh sé broinn a mháthar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Agus béidh sé mór i láthair an Tighearna, agus ní ólfaidh sé fíon ná deoch mheisceamhail, agus béidh sé lán de’n Spiorad Naomh fiú ó bhroinn a mháthar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Oir bíaidh sé na dhuine mhór a bhfíadhnuisi an Tighearna, agus ni íobha sé fíon na deoch láidir; agus fós bíaidh sé lan don Spiorad Náomh, ó bhroinn a mháthar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Óir beidh sé mór i láthair Dé, agus ní ólfaidh sé fíon ná deoch mheisgeamhail, agus beidh sé lán de’n Spioraid Naomh ó bhroinn a mháthar féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:15
22 Tagairtí Cros  

Agus béidh áthas agus luthgháir ort; agus béidh gáirdeachas ar mhórán de bhárr a bhreithe.


Adeirim libh, Ar a rugadh ó mhnáibh ní fhuil aoinneach is mó ’ná Eoin; acht cheana an té is lugha i ríoghacht Dé is mó é ’ná eisean.


Óir tháinig Eoin Baiste gan bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona; agus adeir sibh, Atá deamhan ann.


Ba eisean an lóchrann ar lasadh agus ag soillsiú: agus ar feadh tréimhse níor mhisde libh‐se aoibhneas d’fhágháil ’n‐a sholas.


Agus do líonadh iad uile de’n Spiorad Naomh, agus do thionnscnadar labhairt as teangthachaibh éagsamhla, de réir mar thug an Spiorad dóibh labhairt.


Acht nuair ba é deagh‐thoil Dé é, do chuir ar leith mé ó bhroinn mo mháthar, agus do ghlaodh tré n‐a ghrása mé,


Agus ná bidhidh ar meisce le fíon; ainmheasardhacht is eadh é sin, acht bidhidh lán de’n Spiorad;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí