Dúirt Éilias an Tisbíoch ó Thisbé i nGileád le hAcháb: “Dar an Tiarna beo, Dia Iosrael, dá ndéanaim seirbhís, ní thiocfaidh drúcht ná fearthainn sna blianta beaga romhainn, ach de réir mar ordóidh mise.”
Íseáia 5:6 - An Bíobla Naofa 1981 Déanfar slad air, agus beidh sé gan bearradh gan saothrú, agus sceacha agus driseacha ag fás air. Crosfaidh mé ar na néalta an fhearthainn a fhearadh air. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do dhéana mé fásach dhi: ní dheiseochthar, agus ní rómharthar í; acht fásfaidh a níos drise agus dosáin: agus fós fuáigeora mé do na néulluibh go nach bhfearfuid fearthuinn uirre. |
Dúirt Éilias an Tisbíoch ó Thisbé i nGileád le hAcháb: “Dar an Tiarna beo, Dia Iosrael, dá ndéanaim seirbhís, ní thiocfaidh drúcht ná fearthainn sna blianta beaga romhainn, ach de réir mar ordóidh mise.”
tabhair cluas dóibh ó na flaithis agus maith a bpeaca do do phobal Iosrael, agus tabhair ar ais iad chun na tíre a thug tú dá sinsir.
Go bhfása sceacha mar a mbíodh an chruithneacht, Agus fiailí nimhneacha mar a mbíodh an eorna. (Sin críoch ar bhriathra Iób.)
Féach, bhí brat de dheilgneach air, é clúdaithe le neantóga agus a bhalla cloch leagtha ar lár.
Agus tabharfaidh sé báisteach le haghaidh an tsíl a chuirfidh tú sa talamh, agus an t‑arán a thugann an talamh uaidh, beidh sé blasta agus beathúil. Beidh do chuid eallaigh ag innilt an lá sin ar fhéarach leathan.
I gcionn bliana agus corradh beidh sibh ar crith, a mhná na rómhuiníne, óir meathfaidh barr na fíniúna; fómhar ní bheidh ann ar aon chor.
Óir na ceantair bhánaithe chreachta sin agat, agus do dhúiche shladta go léir - róchúng a bheidh tú feasta do do lucht áitrithe, agus beidh an dream a thug aghaidh a gcraois ort i bhfad i gcéin.
In ionad driseacha beidh an chufróg ag fás, agus in áit na neantóg an miortal. Déanfaidh sin clú agus cáil don Tiarna, beidh ina chomhartha nach gcaitear agus nach mbristear!
chun go dtiocfaidís go léir a thuirling ar na haltáin chrochta agus ar scailpeacha na gcarraigeacha, ar sceacha agus ar thalamh féaraigh.
An bhfuil aon cheann de dhéithe na bpágánach a thabharfadh fearthainn? An bhféadann na spéartha ceathanna a thabhairt? Ach is tusa féin é, a Thiarna. Ó a Dhia linn, is tú ár ndóchas, is tú a dhéanann gach ní acu seo.
Scriosfar an tír ar fad agus beidh sí ina fásach, fad a fhanfaidh siad ina sclábhaithe i measc na gciníocha go ceann seachtó bliain.
Deir an Tiarna é seo: ‘Anois, brisim síos an rud a thóg mé; an rud a phlandaigh mé, tá mé á tharraingt aníos; [buailfidh mé an domhan] go hiomlán.
Scrios sé an gairdín agus a bhoth; chreach sé a ionad teagmhála; i Síón chuir an Tiarna ar ceal an tionól féiliúil agus an tsabóid; le racht cuthaigh thug sé droim láimhe don rí agus don sagart araon.
Mar ar feadh mórán laethanta fágfar clann Iosrael gan rí, gan flaith, gan íobairt, gan liagán, gan éafód, gan íola tí.
Mar, féach, teithfidh siad leo ón léirscrios; cruinneoidh an Éigipt iad, agus tabharfaidh Meimfís adhlacadh dóibh. Beidh neantóga ina n‑oidhrí ar a n‑earraí luachmhara airgid, agus glacfaidh sceacha seilbh ar a scrínte.
Rinne siad léirscrios ar mo chuid fíniúna agus scéalp siad mo chrainn fígí; bhain siad an choirt go léir díobh agus leag iad; is bán iad a ngéaga anois.
Choinnigh mé uaibh an fhearthainn fosta, agus an fómhar trí mhí fós ar shiúl; thug mé air fearthainn a chur ar chathair amháin agus gan a chur ar chathair eile; bhí sé ag cur ar pháirc amháin agus an pháirc nár tháinig fearthainn uirthi chríon sí.
titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.
agus liúfaidh siad: ‘Ruibh agus salann agus loscadh críche ar an bhfearann go léir! É gan cur gan toradh, gan féar ag fás go deo arís air! É millte mar Shodom agus Gomorá, Admá agus Zabóím, áiteanna a scrios an Tiarna le barr feirge agus díoltais.’
Tá sé de chumhacht acu na spéartha a iamh i dtreo nach mbeadh aon bháisteach ann le linn laethanta a bhfáidheoireachta; agus tá de chumhacht acu na huiscí a iompú ina bhfuil, agus an talamh a bhualadh le gach sórt plá a mhinice agus is mian leo.