Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 11:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Tá sé de chumhacht acu na spéartha a iamh i dtreo nach mbeadh aon bháisteach ann le linn laethanta a bhfáidheoireachta; agus tá de chumhacht acu na huiscí a iompú ina bhfuil, agus an talamh a bhualadh le gach sórt plá a mhinice agus is mian leo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Bíonn sé de chumh-acht acu an spéir a dhúnadh, ionas nach mbeidh aon bháisteach ann sna laethanta a mbíonn siad ag fáidhead-óireacht, agus bíonn de chumhacht acu na huiscí a thiontú ina bhfuil, agus an talamh a bhualadh le plá ar bith chomh minic agus is mian leo.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Atá ar chumas dóibh an spéir do dhúnadh, chum nach dtuitfidh aon bháisteach ar feadh laethe a dtarngaireachta: agus atá ar chumas dóibh na h‐uiscí d’athrú ’n‐a bhfuil, agus an talamh do bhualadh le gach saghas pláighe, chómh minic agus is áil leo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Atá do chúmhachduibh aca so neamh do dhúnadh, ionnas nach mbíadh fearthuin ann a laethibh a bhfáidheadóireachda: agus atá cúmhachda aca ós na huisgidhibh ar a niompógh a bhfuil, agus ar an dtalamh do bhúaladh ré gach uile ghné phláighe, comhminic as áill ríu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Tá sé de chumhacht acu na spéartha a iamh i dtreo nach mbeidh aon bháisteach ann le linn laethanta a bhfáidheoireachta; agus tá de chumhacht acu na huiscí a iompú ina bhfuil, agus an talamh a bhualadh le gach sórt plá a mhinice agus is mian leo.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 11:6
11 Tagairtí Cros  

Dúirt Éilias an Tisbíoch ó Thisbé i nGileád le hAcháb: “Dar an Tiarna beo, Dia Iosrael, dá ndéanaim seirbhís, ní thiocfaidh drúcht ná fearthainn sna blianta beaga romhainn, ach de réir mar ordóidh mise.”


Ach go deimhin deirim libh, bhí mórán baintreach in Iosrael i laethanta Éilias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí mblian agus sé mhí, ionas go raibh gorta mór sa tír go léir,


Ach fágfaidh mé faoi mo bheirt fhinné é, agus beidh siad ag fáidheoireacht ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá, agus iad gléasta i sacéadaí.


Dhoirt an dara haingeal a shoitheach ar an bhfarraige agus rinne fuil mar a bheadh fuil chorpáin di, agus fuair gach míol beo dá bhfuil san fharraige bás.


Dhoirt an tríú haingeal a shoitheach ar na haibhneacha agus ar na toibreacha uisce agus rinneadh fuil díobh.


Shéid an dara haingeal a thrumpa agus teilgeadh mar a bheadh sliabh mór ar dearglasadh amach san fharraige.


Is mairg dúinn! Cé a shaorfaidh sinn ó láimh an dé chumhachtaigh seo? Eisean an dia a bhuail na hÉigiptigh le gach sórt plá san fhásach!


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí