Ach d'fhreagair Míocáia: “Dar an Tiarna beo, cibé a déarfaidh an Tiarna, sin é an briathar a labhróidh mé.”
Íseáia 21:10 - An Bíobla Naofa 1981 A phobal liom atá do do bhualadh i do choirce ar an láithreán buailte, an ní a chuala mé ó Thiarna na Slua, ó Dhia Iosrael, is é atá á fhógairt agam duit. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) O mo bhúaladh, agus arbhar murláir: an ní do chúala mé ó THIGHEARNA na slógh, Día Israel, dinnis mé dhaóibh é. |
Ach d'fhreagair Míocáia: “Dar an Tiarna beo, cibé a déarfaidh an Tiarna, sin é an briathar a labhróidh mé.”
Níor fágadh ach leathchéad de mharcshlua, deich gcarbad agus deich míle troitheach d'arm ag Iahóácház. Scrios rí Arám iad agus shatail faoi chois iad mar a dhéanfaí le smúit lá an bhuailte.
Ná ní dhéantar arbhar an aráin a bhrú go hiomlán; an té a thiomáineann rothaí na cairte air, buaileann sé amach é, ach ní dhéanann sé a bhrú.
“An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é! Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht? - an Tiarna a labhraíonn.
Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Is cosúil iníon na Bablóine le hurlár buailte nuair a bhítear ag pasáil air; tamall beag, agus [luífidh an gráinne] a baineadh ansin.”
Dúirt an fear liom: “A mhic an duine, féach go grinn, éist go haireach agus leag d'intinn ar a dtaispeánfaidh mé duit. Óir is chun go dtaispeánfainn duit é a tugadh anseo thú. Foilsigh a bhfeiceann tú do mhuintir Iosrael.”
Bhúir an leon; cé air nach mbeidh eagla? Labhraíonn an Tiarna Dia; cé a d'fhéadfadh gan tairngreacht a dhéanamh?
Éirigh, a iníon Shíón, agus déan an bualadh. Tabharfaidh mé adharca iarainn agus crúba cré-umha duit chun go mbascfaidh tú mórán ciníocha agus go gcoisricfidh tú a gcreach don Tiarna agus a saibhreas do Thiarna an domhain go léir.
Réabann tú tríd an domhan go fraochmhar; satlaíonn tú ar na náisiúin le corp feirge.
Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”