2 Ríthe 13:7 - An Bíobla Naofa 19817 Níor fágadh ach leathchéad de mharcshlua, deich gcarbad agus deich míle troitheach d'arm ag Iahóácház. Scrios rí Arám iad agus shatail faoi chois iad mar a dhéanfaí le smúit lá an bhuailte. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)7 Agus níor fhág sé don phobal ag Iehoahas achd cáogad marcach, agus deich ccarbuid, agus deich míle coisighe; óir do mharbh rígh na Síria íad, agus do rinne íad amhuil luaithreadh re búaladh. Féach an chaibidil |
“Cén fáth,” arsa Hazáéil, “go bhfuil mo thiarna ag gol?” D'fhreagair sé: “Mar go bhfuil a fhios agam an urchóid a dhéanfaidh tú do chlann Iosrael; cuirfidh tú a ndaingin trí thine, cuirfidh tú a n‑ógánaigh chun báis le rinn claímh, stollfaidh tú a leanaí ina ngeireacha, agus scoiltfidh tú broinn a mban torrach.”