Íseáia 21 - An Bíobla Naofa 1981Turnamh na Bablóine 1 Fáistine i dtaobh an mhachaire cois na farraige. Gairfean chugainn ar nós séideáin ag scuabadh an deiscirt, ag teacht isteach as an bhfásach, isteach as tír an uafáis 2 - is scáfar an fhís a fuair mé - tá fear na creiche i mbun creiche, tá an sladaí ag slad. “Suas leat, a Éalám, suas chun an léigir libh, a Mhéideacha! Cuirfidh mise críoch leis an gcaoineadh.” 3 Is uime sin atá mo chorróga ar bhall amháin creatha; fuair na freanga greim orm, mar bheadh freanga mná seolta; tá mé róbhuartha le cloisint, róscanraithe le feiceáil. 4 Tá mearbhall ar mo chroí; tá scaoll orm de bharr an chreatha; an clapsholas a raibh mé ag dréim leis, is cúis chearthaí dom é. 5 Tá an bord á chóiriú agus á chlúdach le héadach; táthar ag ithe agus ag ól... Suas libh, a cheanna feadhna! Smearaigí bhur sciath. 6 Óir seo an rud a dúirt an Tiarna liom: “Gabh agus cuir fear i mbun faire, fógraíodh sé an méid atá le feiceáil aige. 7 Feiceann sé marcshlua, marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt, marcaigh ar asail, marcaigh ar chamaill. Tá sé ag airdeall, ag airdeall go haireach.” 8 Scairt an fear faire ansin: “Ar thúr na faire, a Thiarna, tá mé i mo sheasamh an lá ar fad, agus oíche in aghaidh na hoíche i mbun mo gharda. 9 Féach, seo chugainn an marcshlua, na marcaigh ina mbeirt agus ina mbeirt.” Agus tháinig an freagra ar ais: “Tá sí ar lár, tá an Bhablóin ar lár, agus dealbha a cuid déithe uile ina smionagar ar talamh.” 10 A phobal liom atá do do bhualadh i do choirce ar an láithreán buailte, an ní a chuala mé ó Thiarna na Slua, ó Dhia Iosrael, is é atá á fhógairt agam duit. Freagra ar Mhuintir Eadóm 11 Fáistine i dtaobh Eadóm. Táthar ag glaoch orm as Saeír: “A fhir fhaire, cá fada fós an oíche? A fhir fhaire, cá fada fós an oíche?” 12 Is é freagra an fhir fhaire: “Chugainn an mhaidin, agus an oíche arís ina diaidh. Más gá daoibh fiafraí, bígí ag fiafraí; ach iompú thart is gá daoibh, agus filleadh. Fáistine do na hArabaigh 13 Fáistine fá choinne an mhachaire. A bhuíonta fáin na nDéadánach, arb é scrobarnach an mhachaire is ceathrúin oíche daoibh, 14 tugaigí uisce libh in airicis lucht an íota; a mhuintir Théamá, amach libh le bia ar chionn na dteifeach. 15 Óir is ón gclaíomh atá siad ag teitheadh, ó fhaobhar an chlaímh, ón mbogha agus é lúbtha, agus ó bhroid an chatha. I gCoinne Chéadár 16 Is ea, labhair an Tiarna liom mar seo: “Bliain amháin eile, a háireamh mar a dhéanfadh fear aimsire, agus beidh críoch le glóir agus le neart Chéadár. 17 De líon lucht na mboghanna, de ghaiscígh chlann Chéadár, is beag a bheidh fágtha, óir is é an Tiarna, Dia Iosrael, a dúirt é.” |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart