Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 21:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Fáistine i dtaobh Eadóm. Táthar ag glaoch orm as Saeír: “A fhir fhaire, cá fada fós an oíche? A fhir fhaire, cá fada fós an oíche?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 ¶ Ualach Dumah. Goiridh sé orum as Seir, A fhir na faire, cred do sgéula ó noidhche? A fhir na faire, cred do sgeula ó nóidhche?

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 21:11
24 Tagairtí Cros  

agus Mismeá agus Dúmá agus Masá,


Agus sheol Iacób teachtairí roimhe chun a dhearthár Éasau i dtír Shaeír i gcríocha Eadóm,


á ordú dóibh: “Seo mar a déarfaidh sibh le mo mháistir Éasau: ‘Seo mar a deir Iacób: D'fhan mé ar deoraíocht go dtí seo le Lábán,


agus Mismeá agus Dúmá agus Masá, agus Hadad, agus Taemá,


Cuimhnigh, a Thiarna, in aghaidh chlann Eadóm, lá treascartha Iarúsailéim, nuair a dúirt siad: “Scriosaigí í, scriosaigí í; leagaigí go talamh í.”


Theagmhaigh liom na gardaí ar a gcuairteanna tríd an mbaile: “An bhfaca sibh grá mo chroí?”


Is é freagra an fhir fhaire: “Chugainn an mhaidin, agus an oíche arís ina diaidh. Más gá daoibh fiafraí, bígí ag fiafraí; ach iompú thart is gá daoibh, agus filleadh.


Óir seo an rud a dúirt an Tiarna liom: “Gabh agus cuir fear i mbun faire, fógraíodh sé an méid atá le feiceáil aige.


Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: “An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?” d'fhiafraigh sé. “Tá sin,” a dúirt Irimia, “tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,” ar sé.


Chuir mé fir faire ar mhaithe leo: éistigí le glor an stoic! Ach dúirt siadsan: ‘Ní éisteoimid.’


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur imir Eadóm díoltas ar mhuintir Iúdá agus gur pheacaigh go trom lena linn;


“A mhic an duine, tá tusa ceaptha agam mar gharda do mhuintir Iosrael; aon uair a chluineann tú focal uaimse cuir ar a bhfaichill iad thar mo cheannsa.


Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Ghazá, In éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar an bpionós. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm,


Cuirtear Eadóm as seilbh, agus a naimhde, Saeír, mar an gcéanna, cuirtear as seilbh iad, agus cuireann Iosrael a neart i ngníomh.


Ná déanaigí iad a ghriogadh. Óir ní thabharfaidh mé aon phioc dá dtailte daoibh, aon phioc fiú oiread agus leithead tráchta, mar thug mé Sliabh Shaeír do Éasau mar shealúchas.


Aráb, Dúmá, Eiseán,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí