Tá a lucht cónaithe fágtha gan neart, faoi uafás agus faoi mhearbhall. Is cuma iad nó lusra an bháin, nó féar leochaileach, nó féar ar dhíon tí nó i móinéar á shuaitheadh [ag an ngaoth anoir].
Íseáia 13:8 - An Bíobla Naofa 1981 tá scéin orthu agus scaoll, tá siad i bpriacail ar nós mná seolta. Tá siad ag breathnú ar a chéile agus a ngnúiseanna lasta le náire. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus biáidh eagla orra: géubhuidh píanta agus doilghis greim dhíobh; béid a bpein mar mhnaói ag breith: biáidh úathbhás aca iona chéile; béid a naighthe mar lasracha. |
Tá a lucht cónaithe fágtha gan neart, faoi uafás agus faoi mhearbhall. Is cuma iad nó lusra an bháin, nó féar leochaileach, nó féar ar dhíon tí nó i móinéar á shuaitheadh [ag an ngaoth anoir].
Mar bhean ag iompar, ag lúbarnach is ag screadach i dtinneas clainne, is amhlaidh dúinn féin, a Thiarna, os do chomhair;
Céard a déarfaidh tú nuair a thiocfaidh siad anuas ort mar bhuaiteoirí, an dream a mhúin tú féin a bheith mar chairde agat? Nach mbéarfaidh doilíos ort fearacht mná i dtinneas clainne?
Fiafraígí anois, meabhraígí: an mbíonn fir ag breith clainne? Cad chuige a bhfeicim gach fear mar sin agus a lámha ar a leasracha mar bheadh bean in íona? Cad chuige ar tháinig dath bán ar gach aghaidh?
Cluinimse an screadaíl a dhéanfadh bean ag druidim le clann, íona na mná a bheireann a céad leanbh; is é screadaíl iníon Shíón é, a croí ina béal aici, a lámha uaithi amach: “Uch, a thrua mise! i gceartlár lucht marfa.”
Céard a fheicim? Tá siad scanraithe agus ag filleadh ar a gcúl! Na daoine is fearr orthu buailte siar, iad ag teitheadh i ndiaidh a gcinn, gan dearcadh siar, eagla ó gach taobh! - an Tiarna a labhraíonn.
Tógfar i láimh na bailte, beidh seilbh ar na háiteanna daingne. (“Agus beidh croí na bhfear cogaidh an lá sin i Móáb mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.)
Seo é an té a bhíonn ag eitilt agus ag foluain ar nós iolair, a leathnóidh a sciatháin os cionn Bhozrá. Agus beidh croí fhir chogaidh Eadóm an lá sin mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.”
Tá an Damaisc gan mhisneach, ullmhaíonn sí chun teitheadh, tá sí ar crith, (gabhann dobrón agus doilíos í mar a bheadh bean in íona).
Ach tá a scéala siúd cloiste ag rí na Bablóine; titeann a lámha go faonlag; rug doigh greim air, pian mar a bheadh ar bhean in íona.
Scoir saighdiúirí na Bablóine den troid; tá siad ag fanacht ina ndaingin d'fheall a neart orthu; tá siad amhail mná anois. Tá a tithe cónaithe trí thine, a geataí briste ó chéile.
Tá tinneas clainne ag tosú di, ach is páiste díchéillí í; mar cé go bhfuil ionú a breithe ann, ní thagann sí go béal na broinne.
“Sladaigí an t‑airgead! Sladaigí an t‑ór!” Tá saibhreas gan áireamh ann, flúirse den uile shaghas maoine.
Nuair a bhíonn bean ina luí seoil, bíonn buairt uirthi, de bhrí go bhfuil a hionú tagtha. Ach nuair a bhíonn an leanbh saolaithe, ní bhíonn cuimhne aici ar an trioblóid a thuilleadh, le barr áthais go bhfuil duine saolaithe.
Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.