Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 49:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Seo é an té a bhíonn ag eitilt agus ag foluain ar nós iolair, a leathnóidh a sciatháin os cionn Bhozrá. Agus beidh croí fhir chogaidh Eadóm an lá sin mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Féuch, tiucfa sé a níos agus eitillfidh sé amhuil iolar, agus leathneochuidh sé a scíatháin ós cionn Bhosrah: agus annsa ló sin biáidh croidhe dhaóine árrachta Edom amhuil croidhe mná iona doighthibh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 49:22
21 Tagairtí Cros  

Tháinig tonnta an bháis i mo thimpeall agus scanraigh tuilte na hurchóide mé.


Bealach iolair sa spéir, bealach nathrach ar an gcarraig, bealach loinge i lár na mara, agus bealach fir le maighdean.


Tabharfaidh siad ruathar siar ar shleasa na bhFilistíneach, i gcuideachta a chéile déanfaidh siad slad ar chlann an Oirthir; beidh Eadóm agus Móáb faoina gceannas agus clann Amón ag géilleadh dóibh.


tá scéin orthu agus scaoll, tá siad i bpriacail ar nós mná seolta. Tá siad ag breathnú ar a chéile agus a ngnúiseanna lasta le náire.


Is uime sin atá mo chorróga ar bhall amháin creatha; fuair na freanga greim orm, mar bheadh freanga mná seolta; tá mé róbhuartha le cloisint, róscanraithe le feiceáil.


Mar bhean ag iompar, ag lúbarnach is ag screadach i dtinneas clainne, is amhlaidh dúinn féin, a Thiarna, os do chomhair;


Céard a déarfaidh tú nuair a thiocfaidh siad anuas ort mar bhuaiteoirí, an dream a mhúin tú féin a bheith mar chairde agat? Nach mbéarfaidh doilíos ort fearacht mná i dtinneas clainne?


Tusa a rinne cónaí sa Liobáin, a neadaigh i measc na gcéadar, cé mar a dhéanfaidh tú cneadach nuair a thiocfaidh na doitheacha ort, an phian amhail bean in íona.”


Fiafraígí anois, meabhraígí: an mbíonn fir ag breith clainne? Cad chuige a bhfeicim gach fear mar sin agus a lámha ar a leasracha mar bheadh bean in íona? Cad chuige ar tháinig dath bán ar gach aghaidh?


Féach, tá sé ag teannadh chun tosaigh ar nós na néalta, is cosúil le camghaoth a charbaid, is mire a eachra ná iolair, is mairg dúinn, táimid caillte!


Cluinimse an screadaíl a dhéanfadh bean ag druidim le clann, íona na mná a bheireann a céad leanbh; is é screadaíl iníon Shíón é, a croí ina béal aici, a lámha uaithi amach: “Uch, a thrua mise! i gceartlár lucht marfa.”


Tá an Damaisc gan mhisneach, ullmhaíonn sí chun teitheadh, tá sí ar crith, (gabhann dobrón agus doilíos í mar a bheadh bean in íona).


Claíomh dá fir asarlaíochta; nár fhágtar aon mheabhair acu! Claíomh dá fir chogaidh; go gcuirtear dá dtreoir iad! Claíomh dá heachra agus dá carbaid.


Ach tá a scéala siúd cloiste ag rí na Bablóine; titeann a lámha go faonlag; rug doigh greim air, pian mar a bheadh ar bhean in íona.


Chualamar an scéala; titeann ár lámha go faonlag, rug doigh greim orainn, pian mar a bheadh ag bean le híona.


Séid an stoc! Tá léirscrios, amhail badhbh, ag bagairt ar theaghlach an Tiarna. Mar bhris siad an conradh a rinne mé leo, agus níor ghéill siad do mo dhlí.


Beidh uafás ar do churaidh, a Théamán, i dtreo go ndíothófar gach duine ó Shliabh Éasau.”


Seolfaidh an Tiarna náisiún i do aghaidh ón imigéin, ó imill na cruinne, é mear mar iolar ag eitilt; náisiún é nach dtuigeann tú fiú a theanga;


Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí