Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 49:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 I dtaobh na Damaisce: “Tá mearbhall ar Hamát, mar an gcéanna le hArpad; chuala siad drochscéala. Tá a gcroí [breoite le teann eagla]. Ní féidir iad a shuaimhniú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 ¶ A ttaobh Dhamascus. Do claóidheadh Hamat, agus Arpad: óir do chúaladar droichsgéala: atáid lagchroidhtheach; atá gruáim air an bhfairge; ní fhéadan sí bheith ciúin.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 49:23
35 Tagairtí Cros  

D'ionsaigh sé féin is a shearbhóntaí iad i gcoim na hoíche agus chuir an teitheadh orthu go Hóbá lastuaidh de Dhamaisc.


“A Thiarna Dia liom,” arsa Abrám, “cad a thabharfaidh tú dom? Táim fós gan chlann...


Ansin titfidh an lug ar an lag fiú ag lucht an chroí mar leon. Tá a fhios ag Iosrael go léir gur gaiscíoch é d'athair agus gur laochra iad an dream atá ina theannta.


Nuair a chuala Toí rí Hamát gur bhris Dáiví ar arm Hadad Eizir go léir,


Bhailigh roinnt fear ina thimpeall agus rinne ceannaire buíon foghlaithe de (ach rinne Dáiví ár orthu). Chuaigh siad go dtí an Damaisc agus chuir siad faoi ann agus rinne rí ar an Damaisc de.


Thug rí na hAsaíre daoine ón mBablóin, ó Chútá, ó Avá, ó Hamát, agus ó Shafarvaím, agus chuir sé iad chun cónaithe i gcathracha na Samáire in áit chlann Iosrael. Ghabh siadsan seilbh ar an tSamáir agus chuaigh chun cónaí ina cathracha.


Cá bhfuil déithe Hamát agus Arpád? Cá bhfuil déithe Shafarvaím agus Haena, agus Íveá? [Cá bhfuil déithe thír na Samáire?] Ar fhuascail siad an tSamáir as mo ghreim?


Cá bhfuil rí Hamát, agus rí Arpád, agus rí chathair Shafarvaím, agus rí Haena, agus Íveá?’ ”


Nach fearr iad an Abáná agus an Farpar, aibhneacha na Damaisce, ná a bhfuil d'uiscí in Iosrael chun go nífinn mé féin iontu agus go nglanfaí mé.” Dá bhrí sin thiontaigh sé agus d'imigh agus é ar buile.


Thóg Ásá leis ansin an t‑airgead agus an t‑ór ó chistí Theampall an Tiarna agus phálás an rí agus sheol iad go Bein Hadad rí Arám a raibh cónaí air sa Damaisc leis an teachtaireacht:


Tháinig suaitheadh ar phrionsaí Eadóm; bhí greim ag an gcreathán ar cheannairí Mhóáb; d'imigh leá ar áithritheoirí Chanán go léir.


Nach ionann Hamát agus Arpád? nó an tSamáir agus an Damaisc?


Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nua chun fuílleach a phobail a athghabháil, a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte, ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám, ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige.


Dá bharr sin tá na lámha uile ar sileadh, agus croí an uile dhuine go fann;


Cá bhfuil déithe Hamát agus Arpád? Cá bhfuil déithe Shafaravaím? Cá bhfuil déithe thír na Samáire? Ar shábháil siad an tSamáir orm?


Cá bhfuil siad, na ríthe a bhí ar Hamát, Arpád, Safarvaím, agus ar Haena agus Íveá?”


Ach tá lucht na hurchóide ar nós farraige suaite, farraige nach féidir di bheith ciúin, a mbíonn a tonnta ag caitheamh suas salachair agus láibe.


Is í an Damaisc ceann Arám, agus Reizín, ceann na Damaisce; Ach i gcionn a sé, ní hea, i gcionn a cúig de bhlianta, beidh Arám scriosta, agus Eafráim caite síos,


Lean saighdiúirí na gCaildéach iad agus rug siad ar Zidicíá ar mhachairí Ireachó. Nuair a ghabh siad é thug siad suas go Nabúcadnazar rí na Bablóine é i Ribleá i dtír Hamát, áit ar thug sé breithiúnas air.


Bhí an Damaisc ina ceannaí agat mar gheall ar fhlúirse d'earraí agus méid do shaibhris, fíon Heilbeon agus olann bhán ó Záchar.


Téigí go Calna agus féachaigí, ar aghaidh libh uaidh sin go Hamát mór, agus ansin síos go Gat na bhFilistíneach libh; an fearr iadsan ná na ríochtaí seo? nó an mó a dtailte ná bhur gcuidse?


“Sladaigí an t‑airgead! Sladaigí an t‑ór!” Tá saibhreas gan áireamh ann, flúirse den uile shaghas maoine.


Chuadar suas dá bhrí sin, chun an tír a bhrath, ó fhásach Zin go dtí Rachob agus Bealach Hamát.


Ar feadh mórán laethanta ní raibh grian ná réalta le feiceáil ach an t‑anfa dár ngreadadh go dian agus gan súil ar bith againn go dtiocfaimis slán.


ag lorg litreacha uaidh le tabhairt chun na sionagóg i nDamaisc i dtreo, cibé duine dá bhfaigheadh sé ann, fear nó bean, a lean an bealach, go ndéanfadh sé iad a ghabháil agus a thabhairt ar ais go Iarúsailéim.


i nDamaisc dom bhí ceannfort rí Aratas ag faire na cathrach chun mé a ghabháil;


Leanadh na scríobhaithe orthu ag caint leis an bpobal agus abraidís: ‘An bhfuil easpa misnigh nó beaguchtach ar aon duine anseo? Abhaile leis agus ná cuireadh sé droch-mhisneach ar a chompánaigh chomh maith.’


Ach mo bhráithre a ghabh suas liom, chuireadar lagmhisneach ar an bpobal, ach rinne mé féin rud ar an Tiarna go beacht.


A luaithe a chualamar an scéal, thit an lug ar an lag againn, agus níor fhan misneach ag aon duine de bhur mbarr; óir sé an Tiarna bhur nDia, is Dia ar neamh thuas agus ar talamh thíos.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí