Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nahum 2:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 “Sladaigí an t‑airgead! Sladaigí an t‑ór!” Tá saibhreas gan áireamh ann, flúirse den uile shaghas maoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Atá sí folamh, agus fáon, agus na fásach: agus leaghoidh an croidhe, agus buailid na glúine a chéile, agus atá iomad péine ann a nuile leasrachuibh, agus cruinnighidh a naighthe uile duibhe.

Féach an chaibidil Cóip




Nahum 2:10
24 Tagairtí Cros  

Fásach folamh a ba ea an talamh agus bhí dorchadas ar aghaidh an duibheagáin, agus bhí gaoth Dé ag séideadh os cionn na n‑uiscí.


Leathann siad a gcraos i mo choinne mar leon amplach agus é ag búiríl.


Déanfaidh mé fearann don ghráinneog aisti, agus riasc. Scuabfaidh mé í le scuab an scriosta - briathar Thiarna na Slua.”


Is uime sin atá mo chorróga ar bhall amháin creatha; fuair na freanga greim orm, mar bheadh freanga mná seolta; tá mé róbhuartha le cloisint, róscanraithe le feiceáil.


Féach, tá an Tiarna ag creachadh na talún, tá sé á scriosadh agus á hiompú bun os cionn; tá a muintir á scaipeadh aige,


Fiafraígí anois, meabhraígí: an mbíonn fir ag breith clainne? Cad chuige a bhfeicim gach fear mar sin agus a lámha ar a leasracha mar bheadh bean in íona? Cad chuige ar tháinig dath bán ar gach aghaidh?


I dtaobh na Damaisce: “Tá mearbhall ar Hamát, mar an gcéanna le hArpad; chuala siad drochscéala. Tá a gcroí [breoite le teann eagla]. Ní féidir iad a shuaimhniú.


Ansin déarfaidh tú: ‘A Thiarna, tá sé fógraithe agat féin go scriosfar an áit seo, nach ndéanfar cónaí arís ann, ag duine ná ag ainmhí, ach go mbeidh sé ina fhásach go brách.’


Mar gheall ar ghortú iníon mo dhaoine tá mise gortaithe freisin, is dubhach liom mo shaol, beireann eagla greim orm.


“A mhic an duine, iompaigh i dtreo Iarúsailéim, cuir do mhallacht ar an sanctóir agus tairngir in aghaidh thír Iosrael.


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: An lá a ndeachaigh sé síos go Seól, thug mé ar an duibheagán caoineadh ar a shon trína aibhneacha a chosc agus a bhflúirse uisce a dhul i ndísc. Chuir mé an Liobáin faoi ghruaim ar a shon agus thug ar chrainn uile na páirce seargadh.


Tá na daoine ag cúbadh rompu le teann duainéise: iompaíonn a lí orthu uile.


Tá millteoir ag teacht i do choinne, Cuir an dún faoi chosaint; déan faire ghéar ar an mbóthar; cóirigh thú féin chun catha; cruinnigh do neart go léir.


Agus gach uile dhuine a bhreathnóidh ort, teithfidh sé uait, á rá: “Tá Nínivé léirscriosta!” Cé a chaoinfidh í? Cad as a bhfaighidh mé sólásaithe di?


“Táim tar éis na náisiúin a dhísciú; scriosadh a dtúir choirnéil. Tá a sráideanna bánaithe agam sa chaoi nach ngabhann duine ar bith tríothu. Scartáladh a gcathracha agus níl duine ná deoraí ina gcónaí iontu.


A luaithe a chualamar an scéal, thit an lug ar an lag againn, agus níor fhan misneach ag aon duine de bhur mbarr; óir sé an Tiarna bhur nDia, is Dia ar neamh thuas agus ar talamh thíos.


Mharaigh muintir Háí timpeall seisear déag ar fhichid díobh; ruaigeadar iad ó gheata na cathrach chomh fada le Seabáraím agus phleancadar iad agus iad ag dul le fána. Thit an lug ar an lag ar an bpobal agus theip ar fad ar a misneach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí