Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Nahum 2:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Is cuma Nínivé nó taiscumar a bhfuil an t‑uisce ag rith as. “Stadaigí, stadaigí!” Ach ní chasann duine ná deoraí ar ais.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Glacaidh sibhsi a néadáil airgid, glacaidh a néadáil óir: óir ní bhfuil críoch air an stór agus glóir amach as an ttrealamh mbreádha.

Féach an chaibidil Cóip




Nahum 2:9
12 Tagairtí Cros  

In earrach na bliana chuir Nabúcadnazar fios air agus thug go dtí an Bhablóin é le gréithe luachmhara Theampall an Tiarna, agus cheap sé Zidicíá, a dheartháir, ina rí ar Iúdá agus ar Iarúsailéim.


Och, a chreachadóir, agus tú féin gan creachadh, a fheallaire nach ndearnadh feall ort fós! nuair a bheidh deireadh le do chreachadh, déanfar creach ortsa; nuair a bheidh críoch le feall agat, déanfar feall ort féin.


scuabtar suas a gcreach mar a scuabfadh lócaistí í, tugtar áladh uirthi ar nós áladh de chuid na míolta sin.


Uailligí a thréadaithe na gcaorach, éimhigí, únfairtigí ar an talamh, a thiarnaí na dtréad, óir tá laethanta bhur n‑eirligh ar láimh, fearacht na reithí is deise, titfidh sibh.


Céard a fheicim? Tá siad scanraithe agus ag filleadh ar a gcúl! Na daoine is fearr orthu buailte siar, iad ag teitheadh i ndiaidh a gcinn, gan dearcadh siar, eagla ó gach taobh! - an Tiarna a labhraíonn.


Óir tá scriosadóir ag teacht de ruathar ar an mBablóin, tá a fir throda gafa, tá a mboghanna briste. Sea, is é an Tiarna Dia na luaíochta; cúitíonn sé go hiomlán.”


Déanfar creach de do shaibhreas agus éadáil de d'earraí; réabfar do bhallaí agus scriosfar do thithe breátha, teilgfear do chlocha, do chláir adhmaid agus fiú do bhruscar cré, i lár na farraige.


bíodh do chosantóirí mar dhreoilíní teaspaigh agus do scríobhaithe chomh tiubh le saithe feithidí, a thuirlingíonn ar na ballaí lá fuar. Ach nuair a éiríonn an ghrian, imíonn siad as radharc agus ní bhíonn a fhios ag aon duine cá mbíonn siad.


lasta óir ná airgid, ná cloch lómhar, ná péarlaí, lasta línéadaigh mhín ná éadaigh chorcra, ná síoda, ná scarlóide, ná aon adhmad cumhra, ná aon ghréithe eabhair ná adhmaid mhórluaigh, ná práis, ná iarainn, ná marmair;


á rá: “Is mairg di, is mairg don chathair mhór, í siúd a bhí gléasta i línéadach mín, i gcorcra is i scarlóid, agus órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí