Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 46:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Céard a fheicim? Tá siad scanraithe agus ag filleadh ar a gcúl! Na daoine is fearr orthu buailte siar, iad ag teitheadh i ndiaidh a gcinn, gan dearcadh siar, eagla ó gach taobh! - an Tiarna a labhraíonn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Créd fa bhfaca mé ag ainbhfainneadh íad agus ag filleadh ar a ccúl? agus a ndaóine neartmhara buáilte síos, agus ar tteitheamh go lúath, agus gan féuchuin na ndiáigh: óir do bhí eagla timchioll fa ccuáirt, a deir an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 46:5
19 Tagairtí Cros  

Á dtreorú amach dóibh dúirt sé: “Rith le d'anam! Ná féach i do dhiaidh agus ná stad in aon áit sa mhachaire. Teith chun na gcnoc le heagla do bhasctha.”


tá scéin orthu agus scaoll, tá siad i bpriacail ar nós mná seolta. Tá siad ag breathnú ar a chéile agus a ngnúiseanna lasta le náire.


Sa lá sin, beidh na hÉigiptigh mar mhná, scaoll agus scanradh iontu ó bhagairt na láimhe atá an Tiarna a bhagairt orthu.


Druidfidh siad ar gcúl agus náire orthu, iad siúd a bhfuil a muinín in íola, iad siúd a deir leis na dealbha leáite seo: “Sibhse ár ndéithe.”


Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobal agus ar thóg sé a lámh lena mbascadh; tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luí mar bheadh dramhaíl sna sráideanna. Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin, tá a lámh ag bagairt go fóill.


Cluinim mórán do mo tharcaisniú: “Eagla ar gach aon taobh! Sceithigí air! Sceithimis air!” Ag a raibh de chairde agam uair bhí súil in airde le mo threascairt: “Meallfar é b'fhéidir, ansin béarfaimid bua air agus imreoimid díoltas air!”


Céard seo! Ar theith [Aipis]? Nár sheas do cheann láidir go daingean?


Na hamhais a bhí aici ar tuarastal, a bhí slíoctha ar nós laonna biata, thug siad do na bonna é; ní sheasann siad ach teitheann in éineacht; óir tagann orthu lá a n‑ainnise, aimsir a gcuartaithe.


Gabhtar a gcuid bothanna agus a dtréada; tógtar a mbratacha agus a soithí uile, agus freisin a gcuid camall. Déantar fógairt dóibh: ‘Eagla ar gach uile thaobh!’


Ach tabharfaidh mise anuas ort imeagla ó gach taobh; díbreofar chun siúil thú, gach aon fhear ina shlí féin, agus gan aon duine ann chun na teifigh a chruinniú.


Ná himígí amach faoin tuath, ná siúlaigí ar na bóithre, óir tá claíomh an namhad ann, agus scanradh ar gach aon taobh.


Cuirfidh mé scéin ar a lán daoine mar gheall ort, agus uafás ar ríthe i do thaobh nuair a nochtfaidh mé mo chlaíomh os a gcomhair. Creathnóidh siad gan stad lá do thurnaimh agus eagla an bháis ar an uile dhuine acu.


Íosfaidh sibh feoil na ngaiscíoch agus ólfaidh fuil phrionsaí an domhain; reithí agus uain, gabhair agus tairbh iad, agus iad uile dea-chothaithe i mBáiseán.


Ardaítear an dealbh chun siúil chun í a thabhairt go tír iasachta; tá a cuid banóglach ag ligean osnaí uathu mar chorracú colm agus ag bualadh a n‑ucht le teann díomá.


Is cuma Nínivé nó taiscumar a bhfuil an t‑uisce ag rith as. “Stadaigí, stadaigí!” Ach ní chasann duine ná deoraí ar ais.


Tá lá mór an Tiarna in achmaireacht; tá sé sa chóngar agus é ag teacht faoi lánluas; ar lá an Tiarna tógfar gártha searbha; fiú an gaiscíoch, beidh sé ag glaoch ar chabhair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí