Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 46:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Níl slánú don té is luaithe; ní ligfear an té is cróga as; ansin sa tuaisceart, lámh le habhainn Eofrataes, faigheann siad tuisle agus titeann siad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Ní theithfidh an duine lúath, agus ní léigfighear an duine neartmhar do dhul as; do gheabhuid síad tuisleadh, agus tuitfid do thaoibh an tuáisceart láimh ré habhuinn Euphrátes.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 46:6
22 Tagairtí Cros  

Lena linn ghabh Forann Neaco, rí na hÉigipte, an bealach go dtí rí na hAsaíre ag abhainn an Eofrataes. Chuaigh Ióisíá rí ina choinne ach mharaigh Forann Neaco é sa chéad ionsaí ag Migideo.


Níor fhág rí na hÉigipte a thír féin arís mar bhí gach dúiche a bhain le rí na hÉigipte ó ghleann na hÉigipte go habhainn an Eofrataes gafa ag rí na Bablóine.


Nuair a thugann lucht mallaithe fogha fúm d'fhonn mo chlú a mhilleadh, is iad m'eascairde a thiteann ar lár; baintear tuisle as mo naimhde.


Rud eile fós a chonaic mé abhus faoi luí na gréine: ní hiad na luatha a bhuann an rás, ná na croíthe crua a bhriseann cath, ná na saoithe a fhaigheann an bia, ná lucht na tuisceana a chnuasaíonn an saibhreas, ná an t‑aos léinn a thuilleann fabhar, mar tá siad go léir faoi chumhacht na drochuaire agus na cinniúna.


Agus bainfear tuisle as mórán díobh, titfidh siad agus brisfear iad; rachaidh siad sa dol agus béarfar orthu.”


Ansin dúirt an Tiarna: “Is é an Tuaisceart an áit a bhfuil an tubaiste ag cur thar maoil le haghaidh an uile dhuine a chónaíonn sa tír seo;


Ach tá an Tiarna liomsa, curadh cumhachtach; ar an ábhar sin tuisleoidh lucht m'ionsaithe; ní chloífidh siad mé; brisfear orthu; beidh siad trína chéile, ní dhéanfar dearmad go brách ar a náire shíoraí.


cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.


Déanaigí eolas an bhealaigh go Síón; teithigí, ná déanaigí moill! Tugaimse olc oraibh ón Tuaisceart, milleadh mór.


Seo é anois lá an Tiarna, Dia na Slua, an lá a agróidh sé a dhíoltas slogfaidh a chlaíomh iad agus sásófar é, cuirfear ar meisce é lena bhfuil. Sea, tá íobairt ag an Tiarna, Dia na Slua, sa tír thuaidh, láimh le habhainn Eofrataes.


Chuala na náisiúin faoi do náire, líonann an caoineadh duit an talamh; óir thuisligh an gaiscíoch in aghaidh an ghaiscígh, agus thit siad araon in éineacht.”


Sea, shín an Tiarna ar shlait a dhroma é! Thit sé as a sheasamh, agus anois tá sé ar lár! Ansin ar siad lena chéile: ‘Suas linn! Déanaimis ar ár ndaoine féin, go tír ar nduchais, i bhfad ó chlaíomh na díbheirge!’


Tuisleoidh an t‑uaibhreach; titfidh sí; ní thógfaidh duine ar bith suas í; lasfaidh mé tine ina bailte; loiscfidh sí an uile ní ina timpeall.”


Teithigí le bhur n‑anam a chlann Bhiniáimin as lár Iarúsailéim Séidigí an stoc i dTeacóa, ardaígí bratach i mBéit hac Ceirim! Óir tá tubaiste ag bagairt as an Tuaisceart, díobháil mhór.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí