Íseáia 1:10 - An Bíobla Naofa 1981 Éistigí le briathar an Tiarna, a thaoisigh Shodom; tugaigí cluas do reacht ár nDé, a phobal Ghomorá! An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Eístigh briathar an TIGHEARNA, a úachtarána Shodoim; tugaidh clúas do dhligheadh ar Ndé, a dhaoine Ghomorrah. |
Éistigí le briathar an Tiarna, a lucht na hábhachta, atá ag rialú an phobail seo in Iarúsailéim!
A sotal féin, is fianaise ina n‑éadan é, déanann siad gaisce as a bpeaca, amhail Sodom. Is trua a gcás, mar rinne siad a gcreachadh féin.
Is pobal míréireach iad seo, is clann bhréagach, clann nach áil leo éisteacht le reacht an Tiarna.
Óir is é an Tiarna ár mbreitheamh, is é an Tiarna ár reachtóir, is é an Tiarna ár rí agus ár bhfuascailteoir,
chun teagasc agus tiomna a fháil.” Nach cinnte gur mar sin a labhróidh siad, mar níl breacadh lae i ndán dóibh.
Ach i bhfáithe Iarúsailéim chonaic mé na nithe gránna: adhaltranas, síoréitheach, an oiread sin neartú lucht na míghníomhartha, nach bhfilleann aon duine óna olc; tá siad domsa mar Shodom, a háitritheoirí uile domsa mar Ghomorá.
An Éigipt, Iúdá, Clann Amón, Móáb agus na Bearracháin uile a chónaíonn san fhásach. Óir tá na ciníocha seo uile, agus fós teach Iosrael go hiomlán, gan timpeallghearradh sa chroí.”
“A mhic an duine, tairngir i gcoinne fháithe Iosrael, tairngir agus abair leosan a thairngríonn as a stuaim féin: ‘Éistigí le briathar an Tiarna.’
Is í an tSamáir do dheirfiúr shinsir a chónaigh lena clann iníonacha ó thuaidh uait, agus is í Sodom do dheirfiúr óg, ise a chónaigh lena clann iníonacha ó dheas.
Ba í seo ciontacht Shodom, do dheirfiúr, agus a hiníonacha: bhí siad díomasach, craosach, tugtha don sámhas, ach níor tháinig i gcabhair ar an mbochtán ná ar an ainniseoir.
Éist leis an mbriathar seo a labhair an Tiarna i d'aghaidh, a phobal Iosrael, in aghaidh na clainne go léir a thug mé aníos ó thír na hÉigipte:
Bhúir an leon; cé air nach mbeidh eagla? Labhraíonn an Tiarna Dia; cé a d'fhéadfadh gan tairngreacht a dhéanamh?
“Nach ionann domsa sibhse agus clann na nAetóipeach, a chlann Iosrael,” a deir an Tiarna. “Nach mise a thug Iosrael aníos ón Éigipt, nár thug mé chomh maith céanna na Filistínigh ó Chaftór agus na hAramaeigh ó Chír?
Agus dúirt mé: Éistigí, a cheanna urra Iacóib, a thaoiseacha theaghlach Iosrael! Nach é bhur ndualgas é eolas a bheith agaibh ar céard is ceart?
Agus mar a thairngir Íseáia: “Ach gur fhág Tiarna na slua sliocht againn bheimis ar nós Shodom agus ar chuma Ghomorá.”
Óir is d'fhiniúin Shodom dá bhfiniúin agus ó dhoirí Ghomorá. Caora nimhe a gcaora, crobhaingí searbha a gcrobhaingí.
Agus beidh a gcorpáin ina luí ar shráid na cathrach móire - ar a dtugtar go fíorúil Sodom, agus an Éigipt mar ar céasadh a dTiarna chomh maith;