Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 9:26 - An Bíobla Naofa 1981

26 An Éigipt, Iúdá, Clann Amón, Móáb agus na Bearracháin uile a chónaíonn san fhásach. Óir tá na ciníocha seo uile, agus fós teach Iosrael go hiomlán, gan timpeallghearradh sa chroí.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Egipt, agus Iúdah, agus Edom, clann Ammon, agus Móab, agus a núile dhúine da bhfuil annsna brúachuibh imchíana, áitreabhas annsa bhfásach: óir atáid na cineadhacha uile neimhthimchillghéarrtha, agus tigh Israel uile gan tímchillghearradh annsa ccroidhe.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 9:26
23 Tagairtí Cros  

Éistigí a theach Iosrael, leis an mbriathar a deir an Tiarna libh.


Timpeallghearraigí sibh féin don Tiarna, bainigí díbh forchraiceann bhur gcroí, (a fheara Iúdá, agus a áitritheoirí Iarúsailéim), ar fhaitíos go léimfeadh m'fhearg amach ar nós tine, agus go loscfadh agus nach bhféadfadh aon duine í a mhúchadh, mar gheall ar olc bhur ngníomhartha.


Mar an gcéanna, nuair a chuala na Giúdaigh uile a bhí i Móáb agus i measc na nAmónach, agus in Eadóm, gur fhág rí na Bablóine fuíoll in Iúdá, agus gur chuir sé Gadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, os a gcionn,


Beidh a gcamaill ina n‑éadáil, agus iomadúlacht a gcaorach ina gcreach.’ Scaoilfidh mé leis na gaotha uile iad, na bearracháin sin, agus tabharfaidh mise anachain orthu ó gach taobh - an Tiama a labhraíonn.


Cé leis a labhróidh mise, cé dhó a dtabharfaidh mé rabhadh le go gcluine siad? Is follas go bhfuil a gcluasa dúnta, ní fhéadann siad éisteacht. Is follas gur suarach leo briathar an Tiarna, níl dúil acu ann.


“An raibh aon cheann de chrainn Éidin inchurtha leat i mórgacht agus i méid? Ina dhiaidh sin agus uile teilgeadh síos thú le crainn Éidin in íochtar an domhain. Luífidh tú ansin i measc an dream gan timpeallghearradh, ina measc siúd a bascadh leis an gclaíomh. “Is é seo Forann agus a ghéillsinigh - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


An áille tusa ná aon duine? Gabh síos, agus luigh leis an dream gan timpeallghearradh.’


ag ligean isteach i mo shanctóir coimhthígh gan timpeallghearradh ina gcroí ná ina gcorp, á thruailliú nuair a ofrálann sibh mo bhia idir shaill agus fhuil. Mar bharr ar bhur n‑uile imeachtaí gránna bhris [sibh] mo chonradh.


Seo mar a deir an Tiarna Dia: Aon choimhthíoch gan timpeallghearradh ina chroí agus ina chorp, de na coimhthígh uile a chónaíonn i measc mhuintir Iosrael, ná téadh sé isteach i mo shanctóir.


i dtreo gur chuir mise ina gcoinnesean agus gur sheol mé iad i dtír a naimhde, agus má umhlaítear a gcroí gan timpeallghearradh, agus go ndéanann siad leorghníomh ar son a bpeacaí,


“Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh.


Déanfaidh an Tiarna do Dhia timpeallghearradh ar do chroí agus ar chroí do shleachta i dtreo go dtabharfaidh tú grá don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus go mbeadh an bheatha agat.


Dúirt Iónátán le fear iompair a airm: “Téanam anonn go dtí garastún na droinge sin gan timpeallghearradh; b'fhéidir go ndéanfadh an Tiarna rud éigin dúinn, óir ní féidir d'aon ní cosc a chur ar an Tiarna an bua a thabhairt dúinn dá líonmhaire nó dá laghad slua iadsan.”


Chuir Dáiví ceist ansin ar na fir a bhí ina seasamh taobh leis: “Cén luach saothair a gheobhaidh an té a mharóidh an Filistíneach seo agus a ghlanfaidh an smál d'Iosrael? Cé hé an Filistíneach seo gan timpeallghearradh a bhfuil sé de dhánaíocht aige masla a thabhairt do shluaite Dé bheo?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí