Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 9:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 “Féach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus gearrfaidh mé pionós ar a bhfuil de dhaoine atá timpeallghearrtha san fheoil amháin:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 ¶ Féuch, tiucfuid na láethe, a deir an TIGHEARNA, iona smaichteocha misi a nuile thimchillghéarrtha maille ris an neimhthimchillghéarrtha;

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 9:25
17 Tagairtí Cros  

Déadán, Téamá, agus Búz, agus na Bearracháin uile,


Timpeallghearraigí sibh féin don Tiarna, bainigí díbh forchraiceann bhur gcroí, (a fheara Iúdá, agus a áitritheoirí Iarúsailéim), ar fhaitíos go léimfeadh m'fhearg amach ar nós tine, agus go loscfadh agus nach bhféadfadh aon duine í a mhúchadh, mar gheall ar olc bhur ngníomhartha.


Beidh a gcamaill ina n‑éadáil, agus iomadúlacht a gcaorach ina gcreach.’ Scaoilfidh mé leis na gaotha uile iad, na bearracháin sin, agus tabharfaidh mise anachain orthu ó gach taobh - an Tiama a labhraíonn.


Éagfaidh tú le láimh an choimhthígh amhail duine gan timpeallghearradh. Mise a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


“An raibh aon cheann de chrainn Éidin inchurtha leat i mórgacht agus i méid? Ina dhiaidh sin agus uile teilgeadh síos thú le crainn Éidin in íochtar an domhain. Luífidh tú ansin i measc an dream gan timpeallghearradh, ina measc siúd a bascadh leis an gclaíomh. “Is é seo Forann agus a ghéillsinigh - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


ag ligean isteach i mo shanctóir coimhthígh gan timpeallghearradh ina gcroí ná ina gcorp, á thruailliú nuair a ofrálann sibh mo bhia idir shaill agus fhuil. Mar bharr ar bhur n‑uile imeachtaí gránna bhris [sibh] mo chonradh.


Ná bearraigí bhur bhfolt ina chuar ar bhur n‑uiseanna timpeall, agus ná gearraigh imill d'fhéasóige.


i dtreo gur chuir mise ina gcoinnesean agus gur sheol mé iad i dtír a naimhde, agus má umhlaítear a gcroí gan timpeallghearradh, agus go ndéanann siad leorghníomh ar son a bpeacaí,


Sibhse amháin as ciníocha uile an domhain a fuair aitheantas uaim; dá bhrí sin smachtóidh mé sibh mar gheall ar bhur n‑uile pheaca.


Mar ní fíorGhiúdach an té atá ina Ghiúdach ar an taobh amuigh, ná ní fíorthimpeallghearradh an marc lasmuigh ar an gcolainn.


Ní hea, ach is é is fíorGhiúdach ann an té atá ina Ghiúdach ina chroí istigh; agus is é is fíorthimpeallghearradh ann, timpeallghearradh an chroí nach sa litir ach sa spiorad atá. Ní ó dhaoine ach ó Dhia a fhaigheann a leithéid siúd moladh.


Dúirt Iónátán le fear iompair a airm: “Téanam anonn go dtí garastún na droinge sin gan timpeallghearradh; b'fhéidir go ndéanfadh an Tiarna rud éigin dúinn, óir ní féidir d'aon ní cosc a chur ar an Tiarna an bua a thabhairt dúinn dá líonmhaire nó dá laghad slua iadsan.”


Chuir Dáiví ceist ansin ar na fir a bhí ina seasamh taobh leis: “Cén luach saothair a gheobhaidh an té a mharóidh an Filistíneach seo agus a ghlanfaidh an smál d'Iosrael? Cé hé an Filistíneach seo gan timpeallghearradh a bhfuil sé de dhánaíocht aige masla a thabhairt do shluaite Dé bheo?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí