Míocá 3 - An Bíobla Naofa 1981Daortar Urchóid na dTiarnaí 1 Agus dúirt mé: Éistigí, a cheanna urra Iacóib, a thaoiseacha theaghlach Iosrael! Nach é bhur ndualgas é eolas a bheith agaibh ar céard is ceart? 2 Sibhse, a bhfuil fuath agaibh don mhaith agus grá agaibh don olc, a stróiceann an craiceann de dhaoine agus a bhaineann an fheoil dá gcnámha, 3 a alpann feoil mo phobail; is a bhaineann a gcraiceann díobh; a bhriseann a gcnámha agus a ghearrann ina bpíosaí iad mar fheoil i gcorcán nó mar chonablach i gcoire. 4 Éifidh siad ar an Tiarna an uair sin ach ní thabharfaidh sé freagra orthu; folóidh sé a aghaidh orthu de bhrí go ndearna siad drochghníomhartha. Daortar Saint na bhFáithe Mealltacha 5 Is mar seo a labhraíonn an Tiarna i dtaobh na bhfáithe a chuireann mo phobal ar seachrán; fad a bhíonn rud éigin le cogaint acu fógraíonn siad síocháin ach fearann siad cogadh naofa ar an té nach gcuireann dada ina mbéal. 6 Dá dheasca sin titfidh an oíche oraibh; ní bheidh a thuilleadh físeanna agaibh; clúdóidh an dorchadas sibh agus ní dhéanfaidh sibh fáistine feasta. Is ea, rachaidh an ghrian faoi ar na fáithe agus dorchóidh an lá orthu. 7 Ansin beidh náire ar na físithe agus ceann faoi ar an lucht fáistine. Clúdóidh siad a mbéal mar ní thabharfaidh Dia freagra orthu níos mó. 8 Ach i dtaca liomsa de táimse lán de chumhacht (agus de spiorad an Tiarna) agus de cheart agus de mhisneach chun a choir a thaispeáint do Iacób agus a pheaca a léiriú do Iosrael. Léirscriosfar Síón de bharr na hUasaicme 9 Éistigí leis seo, a cheanna urra Iacóib, a thaoiseacha theaghlach Iosrael, a bhfuil dearg-ghráin agaibh ar an gceart, a chuireann gach ní dá bhfuil cóir as a riocht, 10 a thógann Síón le fuil agus Iarúsailéim le héigeart. 11 De thoradh breabanna tugann a cinn urra breithiúnas; múineann a sagairt ar thuarastal agus déanann a fáithe fáistine ar airgead geal. Ach mar sin féin cuireann siad a muinín as an Tiarna agus deir siad: “Nach bhfuil an Tiarna inár measc? Ní thiocfaidh aon mhí-ádh orainn.” 12 Dá dheasca sin déanfar gort treafa de Shíón agus fothrach de Iarúsailéim agus ardán crannach de Shliabh an Teampaill mar gheall oraibhse. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart