Tá siad siúd ag stangaireacht faoi oibriú an fhíona, tá siad ar seachrán ag an bpóit. Tá meadhrán sna sagairt agus sna fáithe le barr dí, tá mearbhall orthu le fíon; tá siad ar seachrán ag an bpóit, tá siad ag stangaireacht agus ag aislingíocht, tá siad ag tuisliú agus iad ag tabhairt a mbreithiúnas.
Coiriúlacht agus bradaíl Iosrael a chuir fearg orm seal; cheil mé mo ghnúis air agus bhuail mé le teann feirge. D'imigh sé leis fiáin sna bealaí a b'áil lena chroí;
Má théim amach faoin tuath, féach na mairbh sínte leis an gclaíomh! Má théim isteach sa chathair, feicim an dream atá tinn le hocras; fiú na fáithe agus na sagairt, treabhann siad talamh, tá siad i mbarr a gcéille.’ ”
Gorfaidh an phatraisc uibheacha nár rug sí, is mar sin don fhear a bhain saibhreas, agus nach le ceart; ní mór dó scarúint leis i lár a laethanta, agus ina chríoch dhéanach fágfar ina amadán é.”
Níor fhiafraigh na sagairt riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna?’ Lucht riartha an dlí ní eol dóibh mé. D'éirigh na tréadaithe amach i m'aghaidh; rinne na fáithe tairngreacht trí Bhál, ag leanúint nithe nach dtairbhíonn.
(Is mar gheall ar na fir seo tá an tír ag mairgneach agus a triomaíodh féaraigh an fhásaigh.) “Chun olc a dhéanamh tá siad mear agus is é an mícheart a neart.
Óir ní mise a chuir uaim iad - a deir an Tiarna - tairngríonn siad bréaga i m'ainm. Dá bharr sin díbreoidh mise sibh, caillfear sibh féin agus mar an gcéanna na fáithe a thairngríonn daoibh.”
mar gheall ar na hoilc uile a rinne clann Iosrael agus clann Iúdá do mo bhrostúsa, iad féin, a ríthe, a bprionsaí, a sagairt agus a bhfáithe, fir Iúdá agus cathróirí Iarúsailéim.
Ansin tháinig ceannairí uile an airm, in éineacht le Ióchánán mac Cháiréach agus [Azairiá] mac Hóisiá, agus an pobal uile ó bheag go mór go dtí Irimia fáidh,
tairngreann na fáithe go bréagach, teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin. Agus is maith le mo phobal é. Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?
Tabharfaidh mé mar sin a mná céile do fhir eile, a bhfearainn do shealbhóirí nua, óir gach aon díobh ón té is lú go dtí an té is mó, santaíonn sé an brabach mí-ionraic; an sagart agus an fáidh araon, cleachtaíonn siad caimiléireacht.
Glactar breabanna ionat chun fuil a dhoirteadh; baineann tú brabús agus sochar amach agus tagann i dtír le foréigean ar an gcomharsa. Tá mise dearmadta glan agat - an Tiarna Dia a labhraíonn.
Tagann siad chugat ina sluaite mar is gnáth agus suíonn siad romhat mar phobal de mo chuidse agus cluineann siad do chaint, ach ní toil leo beartú dá réir. Léiríonn siad neart grá lena mbeola, ach téann a gcroí de réir a sainte.
De thoradh breabanna tugann a cinn urra breithiúnas; múineann a sagairt ar thuarastal agus déanann a fáithe fáistine ar airgead geal. Ach mar sin féin cuireann siad a muinín as an Tiarna agus deir siad: “Nach bhfuil an Tiarna inár measc? Ní thiocfaidh aon mhí-ádh orainn.”
Is mar seo a labhraíonn an Tiarna i dtaobh na bhfáithe a chuireann mo phobal ar seachrán; fad a bhíonn rud éigin le cogaint acu fógraíonn siad síocháin ach fearann siad cogadh naofa ar an té nach gcuireann dada ina mbéal.
Ach tharla fáithe bréige freisin i measc an phobail, faoi mar atá oidí bréige chomh maith in bhur meascsa; déanfaidh siadsan tuairimí díobhálacha a thabhairt isteach go cealgach agus séanfaidh siad fiú an máistir a cheannaigh iad, agus tabharfaidh siad drochíde sa mhullach orthu féin go tobann.
Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd á hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndrochíde.