Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Irimia 6 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil VI. Dioghbháil agus doghruinn an phobuil, arson a bpeacadh.

1 Oa chlann Bheniamin, cruinnighidh sibh féin a cceann a chéile, do theitheamh amach as lár Ierusalem, agus séidigh an stoc ann Tecoa, agus cuiridh súas comharthadha teineadh a Mbethaccerem: óir atá olc ag teacht ón tuáisceart, agus dioghbháil mhór.

2 Do shamhluigh mé inghean Sion ré mnaói scíamhuigh shaóitheamhuil.

3 Tiucfuid na háodhaire go na ttréuduibh na gar; suidhfid a lóistíne as a coinne timchioll fa ccuáirt; bíathfuid síad gach uile dhuine iona áit féin.

4 Gléusuidhsi cogadh na haghaidh; éirghidhe, agus déanam súas san meadhón laói. A mhairg dhúinne! óir atá an lá ag imtheacht thoruinn, óir atáid néulla an tráthnóna ar na síneadh amach.

5 Eírghidhe, agus imthigheam san noidhche, agus sgriosam a páláis.

6 ¶ Oír is marso a dubhairt TIGHEARNA na slógh, Gearruidh sios crainn, agus teilgidh port a naghaidh Ierusalem: isí so an chathair ionchúartuighthe; is leathtrom í iona lár uile.

7 Amhuil mar theilgios tiobruid a huisceadha amach, is marsin theilgidh sí amach a cionta: do chlos foiréigin agus milleadh innte; atá dom lathairsi a ccomhnuighe doilghios agus cneadha.

8 Gabhsa teagasc, a Ierusalem, deagla go ndeileachadh manam riot; deagla go ndéanuinn uáigneach thú, tír gan áitreabh.

9 ¶ Is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Dioghluimfid síad fuigheall Israel go hiomlán mar fhíneamhuin: fill ar hais do lámh amhuil cnuáisteóir tríopall annsna clíabhuibh.

10 Cía ré a laibheora misi, agus dá ttiubhra mé rabhadh, chor go ccluinnfid? féuch, atá a cclúas gan timchillghearradh, agus ní fhéaduid síad éisteacht: féuch, is masla dhóibh bríathar an TIGHEARNA; ní bhfuil dúil aca innte.

11 Uimesin atáim lán dfeirg an TIGHEARNA; atáim coirthe do bheith am thocht: dóirtfidh mé amach í ar an cclainn a muigh, agus ar oireachtus na ndaóine óg a naóinfheacht: óir géubhthar an fear agus fós an bhean, an táosta maille ris an tí bhíos lán do láethibh.

12 Agus iompochthar a ttighe chum daoine oile, maille re na bhfearann agus le na mnáibh aráon: óir sínfidh mé mo lámh amach ar dhúthchusaibh na tíre, a deir an TIGHEARNA.

13 Oír atá gach áon díobh ón té is lúgha dhíobh gus an té is mó dhíobh ar na thabhairt do shaint; agus ón bhfáigh gus an sagart do níd uile go bréagach.

14 Do leighisiodar fós lot inghine mo phobail go héattrom, gha rádh, Síothcháin, síothcháin; a nuáir nach bíonn aointsíothcháin ann.

15 An raibh náire orra a nuáir do rinneadar gráineamhlachd? ní headh, ní rabhadar náireach ar áonchor, ní mó dféadadar lasadh: uimesin tuitfid síad idir an droing thuitfios: a nuáir thiucfas misi ar cuáirt chuca teilgfighear síos íad, a deir an TIGHEARNA.

16 Is marso a deir an TIGHEARNA, Seasuidh annsna slighthibh, agus féuchuidh, agus íarruidh na seanchasáin, cáit a bhfuil an tslighe mhaith, agus siubhluighidh innte, agus do gheabhthaói suáimhneas da bhur nanam. Acht a dúbhradarsan, Ní shíubholuimne innte.

17 Do chuir mé fós lucht faire ós bhur ccionn, gha rádh, Eistigh ré gúth an stuic. Acht a dúbhradarsan, Ní éistfiom.

18 ¶ Uimesin cluinidh, a chineadhacha, agus bíodh a fhios aguibh, a chómhchruinniughadh, cred atá iona measc.

19 Eíst, a thaluimh: féuch, do bhéara mé olc ar an muinntirsi, eadhon toradh a smúaintighe, do bhrígh nár éisteadar rem bhríathruibh, nó rem dhligheadh, acht a tarcuisniughadh.

20 Cred an fáth as a ttiucfadh túis chugamsa ó Sheba, agus giolcach milis ó thír imchéin? ní taitneamhach bhur nofrála loisge, ní mó atáid bhur níodhbartha milis damhsa.

21 Uimesin is marso a deir an TIGHEARNA, Féuch, cuirfidh mé cip thuislighthe roimhe an bpobalso, agus tuitfid na haithre agus na mic a néinfheachd orra; sgriosfuighear an chomharsa agus a chara.

22 Is marso a deir an TIGHEARNA, Féuch, tíucfuid daóine ón tír thuáigh, agus tóigfighear cineadh mór as táobhuibh na talmhan.

23 Glacfuid síad greim do bhógha agus do gháth; atáid síad fuílteach, agus ní bhfuil trócaire ionta; congháirid amhuil a nfairge; agus do níd marcuigheacht ar éachuibh, béid a nórdughadh amhuil lucht cógaidh ad aghaidhsi, a inghean Sion.

24 Do chúalamar a ttúaruscbháil sin: atáid ar lámha ar na lagúghadh: do ghlac doigh greim oruinn, agus pían amhuil bean re niodhnuibh.

25 Ná himthighidh amach fán machaire, ná siúbhluighidh ar a tslighe; óir atá cloidheamh na námhad agus guáis air gach uile tháobh.

26 ¶ O a inghean mo dhaóine, criosluigh thú féin a saicéadach, agus onfuirt thú féin a luáithreadh: déana thú féin cúmhthach, amhuil as budh ar son aóin mhic amháin, caóineadh ro ghéur: óir tiucfuidh an creachadóir oruinn go hobann.

27 Do shuighidh mé thú mar thór agus mar, dhaingion a measc mo dhaoine, chor go mbía fios agad agus go ndeirbheochthá a slighe.

28 Atáid uile na ttréigtheachaibh deanachta, ag siubhal go cealgach: is prás agus íarann íad; atáid uile na millteóribh.

29 Do loisgeadh na builg, do caitheadh an luáighe leis an tteine; leaghaidh an fear leaghtha go díomhaoin: óir níor táirngeadh na drochdhaoine as.

30 Goirfid daóine droch airgiod díobh, do bhrígh gur dhíult an TIGHEARNA íad.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí