Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 2:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Níor fhiafraigh na sagairt riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna?’ Lucht riartha an dlí ní eol dóibh mé. D'éirigh na tréadaithe amach i m'aghaidh; rinne na fáithe tairngreacht trí Bhál, ag leanúint nithe nach dtairbhíonn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Ní dubhradar na sagairt, Cáit a bhfuil an TIGHEARNA? agus an drong lámhuigheas an dligheadh nior aithnigheadar mé: do chionntuigheadar fós na háodhaireadha am aghaidh, agus do thairghiriodar na fáighe tré Bháal, agus do leanadar neithe nach ttarbhuighionn.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 2:8
35 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Éilias leo: “Mise agus mise amháin a fágadh mar fháidh de chuid an Tiarna, ach tá ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál ann.


Chuaigh an meán lae thart agus bhí siad ag radaireacht leo nó gur tháinig tráth ofrála na habhlainne, ach guth ná freagra ná aird ar bith níor tugadh orthu.


Dúirt Éilias: “Gabhaigí fáithe Bhál agus ná ligigí d'aon duine díobh éalú.” Ghabhadar iad agus thug Éilias síos go Gleann Chíseon iad agus bhásaigh ansiúd iad.


Ach ní deir aon duine: “Cá bhfuil Dia, mo chruthaitheoir, An té a thugann fóirithint san oíche,


Tá siad siúd ag stangaireacht faoi oibriú an fhíona, tá siad ar seachrán ag an bpóit. Tá meadhrán sna sagairt agus sna fáithe le barr dí, tá mearbhall orthu le fíon; tá siad ar seachrán ag an bpóit, tá siad ag stangaireacht agus ag aislingíocht, tá siad ag tuisliú agus iad ag tabhairt a mbreithiúnas.


Óir tá an Tiarna tar éis toirchim suain a dhoirteadh sa mhullach oraibh; thug sé dúnadh ar bhur súile, na fáithe, agus chuir sé dallóg ar bhur gceann, an lucht físe.


Tá féiríní ar iompar acu siúd uile chuig pobal nach fearrde iad é, nach dtabharfaidh cabhair ná cúnamh dóibh ach náire agus masla.


Is iad na tréadaithe a bhí dallaigeanta; ní dheachaigh siad ar lorg an Tiarna. Ar an ábhar sin ní raibh an rath orthu agus scaipeadh a dtréad ar fad.


Scrios iomad tréadaithe mo gharraí fíniúna, shatail siad faoi chois mo chomhroinn, rinne siad m'oidhreacht shólásach ina fásach aonraic.


Ó a Thiarna, mo neart, mo dhaingean, mo chúl dídine i lá na hainnise! Tiocfaidh na náisiúin ó theorainn na talún agus déarfaidh siad: “Níor ghabh ár n‑aithreacha d'oidhreacht ach bréaga, díomhaoinis agus nithe gan tairbhe.


“Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”


An malartaíonn cine a ndéithe? - agus ní déithe in aon chor iad seo! Ach mhalartaigh mo phobalsa a nglóir ar rud gan mhaith.


Ní dúirt siad riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna, a thug aníos sinn as tír na hÉigipte, a threoraigh sinn tríd an bhfiántas, trí fhearann lom fásaigh, tír thriomaigh dhorcha, tír nach siúlann aon taistealaí agus nach bhfuil cónaí duine ann?’


“Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta; níl aithne acu orm. Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu. Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh, ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”


tairngreann na fáithe go bréagach, teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin. Agus is maith le mo phobal é. Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?


Ach seo sibh ag cur muiníne i mbriathra mealltacha gan tairbhe.


ach gur lean siad comhairlí a ndrochchroí féin i ndiaidh na mBálaím mar a mhúin a n‑aithreacha dóibh.


Bhris a sagairt mo dhlí agus thruailligh siad mo shanctóirí. Ba chuma leo rud a bheith naofa ná coitianta, níor theagasc siad an difear idir glan agus neamhghlan, rinne siad neamhshuim de mo shabóidí sa chruth go bhfuil mé maslaithe eatarthu.


“A mhic an duine, tairngir i gcoinne tréadaithe Iosrael. Tairngir agus abair leo, is é sin, leis na tréadaithe: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mairg do thréadaithe Iosrael a bheathaíonn iad féin! Nár chóir do thréadaithe an tréad a bheathú?


Cheal eolais tá mo phobal á ndíothú. Ó chaith tusa uait an t‑eolas, caithfidh mise uaim thú as mo shagartacht; agus ó lig tusa teagasc do Dhé i ndíchuimhne, ligfidh mise do chlann i ndíchuimhne chomh maith.


Cén tairbhe é íomhá ghreanta le go ndealbhódh a déantóír í chor ar bith? nó dealbh teilgthe, oracal bréagach, le go gcuirfeadh a déantóir a mhuinín inti agus gan ach dealbha balbha á ndéanamh aige?


Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?


Is mairg daoibh, dlíodoirí, óir rug sibh libh eochair an eolais; ní dheachaigh sibh féin isteach, agus iad seo a bhí ag dul isteach, chuir sibh cosc leo.


Agus déanfaidh siad an méid sin [oraibh] de bhrí nach bhfuil aithne acu ar an Athair ná ormsa.


Ach níl aithne agaibh air. Tá aithne agamsa air, áfach. Dá ndéarfainn: ‘Níl aithne agam air,’ bheinn cosúil libhse, bréagach. Ach tá aithne agam air, agus coinním a bhriathar.


Tá diúltaithe againn, áfach, do na nithe táire úd a dhéantar faoi choim. Ní ag cealgaireacht a thugaimidne ár saol ná ag camadh briathar Dé ach ag iarraidh dul i bhfeidhm ar gach coinsias daonna trí léirnochtadh na fírinne i bhfianaise Dé.


Déanann siad do reachtanna a theagasc do Iacób, agus do dhlí do Iosrael. Seolann siad túis i do láthair, agus leagann siad an íobairt uileloiscthe ar d'altóir.


Ná casaigí i leataobh ar thóir íol baoth nach féidir dóibh cabhair ná fuascailt a thabhairt mar gur baoth iad.


Scraistí a ba ea clann mhac Éilí, gan aon aird acu ar an Tiarna


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí