scaoileann siad ó chúl clúide leis an bhfíréan, ‘s iad ag caitheamh leis go tobann gan eagla.
Irimia 5:26 - An Bíobla Naofa 1981 Is ea, tá drochdhaoine le fáil i measc mo phobail; spréann siad a líonta; fearacht éanairí cuireann siad dol, agus gabhann daoine. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír do gheabhthar a measg mo phobail drochdhaóine: cuirid luidheach án, amhuil an té chuirios lionta; cuirid dul, gabhuid síad daóine. |
scaoileann siad ó chúl clúide leis an bhfíréan, ‘s iad ag caitheamh leis go tobann gan eagla.
Má deir siad: “Tar linn; téimis i luíochán le fonn fola; tugaimis fogha gan choinne faoi na neamhurchóidigh;
Maidir leis an gcaimiléirí, tá a chaimiléireacht mallaithe; bíonn sé ag ceapadh seifteanna chun na bochtáin a mhilleadh le bréaga, fiú agus an ceart ag cúis na ndearóile;
Glaoigh amach in ard do chinn, na coinnigh siar é, ardaigh do ghlór mar a bheadh adharc á séideadh. Taispeáin do mo phobal a gcoireanna agus do theaghlach Iacóib a bpeacaí.
Ar chuí ceart a chúiteamh le holc? (Mar tá siad ag tochailt poill do m'anam.) Cuimhnigh gur sheas mé i d'fhianaise ag labhairt ar a son, le go n‑iompóinn d'fhearg uathu.
Go gcluintear scread maidine as a dtithe nuair a bheireann tusa foghlaithe go tobann orthu. Óir thochail siad clais ghafa do mo ghabháilse; d'fholaigh siad líonta do mo chosa.
“Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta; níl aithne acu orm. Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu. Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh, ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”
Is saighead mharfa a dteanga, labhraíonn siad go cealgach; ‘Síocháin’, a deir duine ó bhéal lena chomharsa ach ina chroí cuireann sé luíochán roimhe.
An amhlaidh a chaithfidh mé an taisceadh éagórach agus an buiséal gann mallaithe a cheadú freisin?
Tá an dea-dhuine imithe ar ceal ón tír; níl aon fhear ionraic i measc an phobail; bíonn siad go léir in oirchill na fola agus téann gach duine díobh ar thóir a bhráthar.
agus mar an gcéanna do Shéamas agus d'Eoin, clann Zeibidé, a bhí i bpáirt le Síomón. Agus dúirt Íosa le Síomón: “Ná bíodh eagla ort, as seo amach is daoine a bheidh tú a ghabháil.”