Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 1:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Má deir siad: “Tar linn; téimis i luíochán le fonn fola; tugaimis fogha gan choinne faoi na neamhurchóidigh;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Má deirid síad, Tárr linn, cuiriom luidheachán air fhuil, luidhiom a bhfolach ar chionn an neimhchiontaigh gan chúis:

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 1:11
19 Tagairtí Cros  

Is cosúil iad le leoin ar thóir a gcreiche, le coileáin leoin i bhfolach sa dorchacht.


Leathadar a líon dom gan chúis: rinneadar uaigh dom gan ábhar.


Cuireann siad mo bhriathra as a ríocht i gcónaí; níl de rún acu ach dochar a dhéanamh dom.


(Óir tá siad ar cosa in airde chun an oilc, agus deifir orthu le fuil a dhoirteadh.)


Is ar a bhfuil féin a chuireann na fir seo luíochán; orthu féin a dhéanann siad eadarnaí.


Is gaistí le fuil a dhoirteadh iad briathra an urchóidigh; ach fuasclaíonn béal an fhíréin daoine ó bhaol.


Ná cuir luíochán, a urchóidigh, ar áitreabh an fhíréin, agus ná déan a theach a chreachadh.


Tá fuath ag comrádaí an ghadaí dá bheo féin; cluineann sé an mhallacht ach ní sceitheann.


Tá pór ann le claímhte mar fhiacla, agus sceana mar ghialla acu, Leis na boicht a alpadh agus a scrios de chlár na cruinne; agus lucht na gannchúise a shlogadh agus a scuabadh ó chomhluadar daoine.


11 Ach bhí mise mar a bheadh uan mín ann a sheoltar chun a mharaithe, agus mé ar neamheolas na ceilge a bhí á cumadh acu i m'aghaidh, á rá: “Scriosaimis an crann lena thorthaí, gearraimis amach é as tír na mbeo, ionas nach mbeidh cuimhne ar a ainm go deo.”


Is ea, tá drochdhaoine le fáil i measc mo phobail; spréann siad a líonta; fearacht éanairí cuireann siad dol, agus gabhann daoine.


Tá an dea-dhuine imithe ar ceal ón tír; níl aon fhear ionraic i measc an phobail; bíonn siad go léir in oirchill na fola agus téann gach duine díobh ar thóir a bhráthar.


Ach ionas go gcomhlíonfaí an focal atá scríofa sa dlí acu [é sin]: ‘Thug siad fuath dom gan chúis.’


Dá bhrí sin cuirigí sibhse agus an tsainidrín scéala chun an cheannasaí á iarraidh Pól a chur anuas chugaibh mar dhea gur mhaith libh a chás a fhiosrú ní ba chruinne. Agus beimidne réidh chun é a dhíothú sula mbeidh sé tagtha i ngar.”


agus d'iarr siad de ghar air go dtabharfadh sé Pól ar ais go Iarúsailéim, mar bhí luíochán á dhéanamh acu roimhe chun é a mharú ar an tslí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí