Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 1:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Déanaimis iad a shlogadh ina mbeatha mar a dhéanfadh Seól, iad a shlogadh hólasbólas mar iad siúd a théann sa chuithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Sluigiom súas íad béo mar a núaigh; agus iomlán, mar an ndruing théid síos annsa pholl:

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 1:12
15 Tagairtí Cros  

is amhlaidh a shlogfaí beo beathach sinn. Nuair a bhladhmfadh a mbuile inár n‑aghaidh,


Éist liom gan mhoill, a Thiarna, óir tá mo mheanma á cloí. Ná cuir d'aghaidh i bhfolach orm, sula mbeinn cosúil leis an dream a ghabhann san uaigh.


Le Dáiví. 1 Ortsa, a Thiarna, a screadaim, éist liom, a charraig. Mura n‑éisteann tú beidh mé mar dhuine a ghabhann síos san uaigh.


Ná smaoinidís ina gcroí: “Tá buaite againn!” Ná habraidís: “Shlogamar siar é!”


Treoraigh mé a Thiarna, i d'fhíréantacht mar gheall ar mo naimhde; réitigh do shlí romham.


Glaoim ar Dhia, an Neach is Airde: ar Dhia a chabhraíonn liom de shíor.


Gheobhaimid maoin de gach sórt, agus líonfaimid ár dtithe le creach.


“D'ith sé mise, d'alp sé mé, rí sin na Bablóine[, Nabúcadnazar]; rinne sé soitheach folamh díom, shlog sé siar mé mar a dhéanfadh dragan, líon sé a bholg de mo shólaistí.”


Osclaíonn do naimhde uile a gcraos chun tú a shlogadh; déanann siad faireach agus díoscán fiacal; “Tá sí slogtha siar againn,” deir siad, “is é seo an lá a rabhamar ag súil leis; tá sé buailte linn anois go soiléir.”


D'iompair an Tiarna é féin mar namhaid; rinne sé Iosrael a mhilleadh; scartáil sé a caisleáin go léir; leag sé a dúnta daingne; mhéadaigh sé an éagaoin agus an t‑éagnach a bhí á ndéanamh ag iníon Iúdá.


D'oscail an talamh a chraos agus shlog sé iad - díthíodh Corach agus a lucht leanúna nuair a d'alp an tine dhá chéad go leith fear. Ba rabhadh iad.


Tá a scornach mar a bheadh tuama ar leathadh; caint chealgach a bhíonn ar a dteanga agus nimh nathracha faoina mbeola,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí