Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 9:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Is saighead mharfa a dteanga, labhraíonn siad go cealgach; ‘Síocháin’, a deir duine ó bhéal lena chomharsa ach ina chroí cuireann sé luíochán roimhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Atá a tteanga amhuil soighead caite amach; a deir sí cluáin: labhruidh duine go síothchánta ré na chomharsoin lé na bhéul, acht iona chroidhe cuiridh sé luidheachán air.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 9:8
21 Tagairtí Cros  

Nuair a d'fhill Aibnéar go Heabrón thug Ióáb i leataobh cois an gheata é mar dhea go labhródh sé os íseal leis, agus sháigh sé sa bholg é. Fuair sé bás mar sin in éiric Asáhael, deartháir Ióáb.


Fóir orm, a Thiarna, óir níl fíréan le fáil, tá an fhírinne ar iarraidh i measc na hÁdhamhchlainne.


Insíonn gach aon duine bréaga dá chomharsa le beola bladair is le croí calaoiseach.


Cad a imreoidh sé ort d'fhonn an comhar a íoc leat, a theanga chealgach?


Ná sciob mé i bhfochair na bpeacach i bhfarradh na n‑urchóideach a labhraíonn go cneasta lena gcomharsana agus an t‑olc ina gcroí.


Is fuath leo muintir shuaimhneach na tíre: cumann siad cealg ina n‑aghaidh.


Síneann gach aon neach a lámh in aghaidh a chairde; briseann sé a chonradh.


Go gcuire sé cabhair chugam ó neamh do mo shaoradh; go dtuga sé náire do lucht mo thóraíochta, go gcuire Dia chugam a bhuanghrá agus a dhílse.


Beartaíonn siad ar mo leagan ar lár; is áil leo an t‑éitheach. Bíonn an bheannacht ina mbéal de shíor agus an mhallacht ina gcroí. Selah


scaoilfidh Dia a shaigheada leo go tobann, agus déanfaidh sé a ngoin gan choinne.


Is cuma nó cleith nó claíomh nó ga géar an té a thugann fianaise bhréige in aghaidh a chomharsan.


Is ea, tá drochdhaoine le fáil i measc mo phobail; spréann siad a líonta; fearacht éanairí cuireann siad dol, agus gabhann daoine.


An é nach smachtóidh mise iad mar gheall ar na nithe sin - an Tiarna a labhraíonn - nach n‑agróidh mise mo dhíoltas ar a leithéid seo de náisiún?


Claonann siad a dteanga ar nós bogha; ní fírinne ach bréaga atá in uachtar sa tír; téann siad ó olc go holc. Diúltaíonn aithne a thabhairt don Tiarna.


Bíodh gach aon duine san airdeall ar a chara; ná taobhaigh le do dheartháir, mar go deimhin is forghabhálaí gach deartháir, is cúlghearrthóir dícheallach gach cara.


Meallann gach aon acu a chéile, ní labhraíonn siad an fhírinne. Mhúin siad dá dteanga bréaga a rá, tá siad truaillithe agus níl aithrí ag teacht leo.


a bhfuil a lucht saibhris lán den fhoréigean agus a mbíonn a háitritheoirí ag insint bréag (is mealltach í an teanga atá ina mbéal acu).


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí